RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Timpeallacht an ghnó

Fiontraíocht

Eachtra is ea é gnó a bhunú agus a fhorbairt ach is dúshlán mór é chomh maith. Ní mór timpeallacht a chruthú a bheidh fabhrach don ghnó le gur féidir le fiontraithe gnóthais a bhunú.
Is den tábhacht teacht a thabhairt ar chistiú, reachtaíocht a bheith soiléir agus éifeachtach agus cultúr fiontraíochta agus gréasáin tacaíochta do ghnóthais a fhorbairt le go mbeidh sé níos fusa gnóthais a bhunú agus a fhorbairt.
Mar sin féin, tá níos mó i gceist le timpeallacht fhabhrach don ghnó a chruthú ná díreach acmhainneacht fáis gnóthas a fheabhsú. Ciallaíonn sé chomh maith buntáistí a thabhairt don Eoraip le go mbeidh fonn ar dhaoine infheistiú agus dul i mbun oibre inti. Ar an tslí sin, rannchuidíonn cothú na freagrachta sóisialta corparáidí leis an ngnó san Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí.
Is fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) iad 99 % de ghnóthais na hEorpa. Mar gheall ar a méid, téann athruithe sa tionscal agus sa timpeallacht ina n-oibríonn siad i bhfeidhm go mór orthu. Mar sin ní foláir aire pholaitiúil a dhíriú orthu má tá siad le teacht slán.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh