RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


An próiseas aontachais do Bhallstát nua

Tá feidhm stairiúil ag próiseas méadaithe an Aontais Eorpaigh (AE): limistéar síochána, cobhsaíochta agus ratha a bhunú ar mhór-roinn na hEorpa. Tá próiseas curtha ar bun ag an AE go comhleanúnach chun treoir agus cúnamh a thabhairt do na tíortha is iarrthóirí don aontachas le go bhféadfaidh siad a n-oibleagáidí mar Bhallstáit, go háirithe sa phróiseas idirthréimhseach, agus a n-oibleagáidí maidir le hathchóiriú agus le cur chun feidhme dhlí agus bheartais an AE a ullmhú.

ACHOIMRE

Ní mór do gach Stát a bhfuil dúil aige aontú don Aontas Eorpach (AE) comhluachanna an AE a urramú, arna sainiú in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE): meas ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar chearta an duine, ar riail an dlí agus ar na cearta atá ag daoine a bhaineann le grúpaí mionlaigh. Thairis sin, tá an Stát faoi ghealltanas na luachanna sin a chur chun cinn laistigh den AE agus i leith tríú tíortha.

Déantar foráil do na nósanna imeachta um aontachas don AE in Airteagal 49 den CAE. Ar an gcéad dul síos, déanann an Stát a bhfuil dúil aige aontú don AE iarratas don Chomhairle. Cuirtear an t-iarratas sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus do na parlaimintí náisiúnta. Téann an Chomhairle i gcomhairle leis an gCoimisiún agus éilíonn sí toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, a dhéanann dearbhú de réir thromlach a gcuid mball. Sa chás ina bhformheastar an t-iarratas, déantar dearbhú ar an aontachas le vóta formheasta d'aon toil ón gComhairle.

Déantar comhaontú idir na Ballstáit agus an tír is iarrthóir maidir leis na coinníollacha don aontachas agus maidir le hoiriúnú na gconarthaí agus na n-institiúidí, rudaí a ghabhann leis an aontachas. Ní mór don chomhaontú sin, dá ngairtear an Conradh Aontachais, a bheith daingnithe ag gach Stát conarthach.

Próiseas aontachais

Bíonn gach iarratas ar aontachas faoi réir tuairime ón gCoimisiún agus cinnidh ón gComhairle, a mbronnann stádas tíre is iarrthóir ar an tír a dhéanann an t-iarratas. Ní gá go n-osclófar caibidlíocht aontachais chomh luath agus a mbronntar an stádas sin. Sula dtarlaíonn sé sin, ní mór don tír is iarrthóir méid áirithe coinníollacha a chomhlíonadh.

Ní mór don tír freagairt do na critéir incháilithe, a shocraigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan sa bhliain 1993 agus a d’athneartaigh an Chomhairle Eorpach i Maidrid sa bhliain 1995. Is iad seo a leanas na critéir:

  • critéir pholaitiúla: cobhsaíocht na n-institiúidí a ráthaíonn an daonlathas, riail an dlí, cearta an duine agus meas do mhionlaigh chomh maith le cosaint na mionlach sin;
  • critéir eacnamaíocha: geilleagar margaidh atá inmharthana, agus a bheith ábalta aghaidh a thabhairt ar an iomaíocht agus ar fhórsaí margaidh laistigh den AE;
  • cumas glacadh le hoibleagáidí Ballstáit a ghabhann le dlí agus le beartais an AE (nó leis an acquis communautaire), lena n-áirítear glacadh le cuspóirí an Aontais pholaitiúil, eacnamaíoch, agus airgeadaíochta.

Ina theannta sin, caithfidh coinníollacha a n-aontachas a bheith cruthaithe ag na tíortha is iarrthóirí trí oiriúnú a dhéanamh ar a struchtúir riaracháin.

Ní mór do thíortha na mBalcán Thiar torthaí sásúla a ghnóthú faoi chuimsiú an phróisis chobhsaíochta agus chomhlachais (ach go háirithe maidir le trádáil) sular féidir leis an AE aon iarratas ar aontachas a d’fhéadfadh siad a dhéanamh a scrúdú.

Is gné bhunúsach eile é cumas comhnasctha an AE (nó cumas aontachais an AE) i gcás aon mhéadaithe nua. Ní mór dó a bheith ar chumas an AE glacadh le baill nua, ag cur lena chumais lánpháirtíochta, agus oibriú a n-institiúidí agus a mbeartas a ráthú. Maidir leis na baill nua, ní mór dóibh a bheith réamh-ullmhaithe dá stádas nua mar Bhallstáit. Thairis sin, ní mór do thuairim an phobail sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí tacú leis an méadú.

Chomh luath agus a chomhlíonann an tír is iarrthóir na critéir sin, cuirfear tús leis an gcaibidlíocht aontachais. Cinneann an Chomhairle, ar bhonn tuairime ón gCoimisiún, an n-osclófaí an chaibidlíocht.

Is bunchloch den phróiseas aontachais í an chaibidlíocht aontachais. Díríonn sí ar ghlacadh, ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm an acquis communautaire ag na tíortha is iarrthóirí. Is é cuspóir na caibidlíochta cuidiú leis na tíortha is iarrthóirí iad féin a ullmhú do na hoibleagáidí a bheidh orthu mar Bhallstáit chomh luath agus a ghlactar leo mar bhaill den AE. Is de bhua thuillteanais gach tíre is iarrthóir ar leith atá seoladh na caibidlíochta bunaithe; d’fhéadfadh an leibhéal ullmhúcháin a bheith difriúil do na tíortha is iarrthóirí difriúla.

Tarlaíonn an chaibidlíocht aontachais faoi chuimsiú chreata arna bhunú ag an gComhairle ar bhonn togra ón gCoimisiún. Leagan an creat sin amach clár maidir le dul chun cinn na caibidlíochta ag cur cúinsí agus saintréithe gach tír is iarrthóir san áireamh. Baineann creat na caibidlíochta le:

  • prionsabail agus nósanna imeachta na caibidlíochta;
  • pointí atá le caibidliú mar na gnéithe airgeadais, na díolúintí sealadacha nó na bearta slándála i réimsí sonracha den acquis (mar shampla, maidir le saorghluaiseacht daoine, beartais struchtúracha nó an talmhaíocht);
  • athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha;
  • conclúid na caibidlíochta, a fhanann oscailte;
  • cuspóir na caibidlíochta: an t-aontachas.

Díríonn an chaibidlíocht ar ghlacadh an acquis communautaire. Tosaíonn an chaibidlíocht le céim ullmhúcháin, nó le grinnscrúdú ar an acquis (“scagthastáil”), arna déanamh ag an gCoimisiún. Is í aidhm na scagthástála sin ullmhacht na tíre is iarrthóir a mheas, í a chur ar an eolas faoin acquis, agus na caibidlí atá le hoscailt a shainaithint ar bhonn na gcritéar tagartha atá leagtha síos (“tagarmharcanna”). Cuimsíonn na critéir tagartha sin na céimeanna ullmhaithe is gá maidir le comhfhogasú leis an acquis sa todhchaí agus maidir le hoibleagáidí conarthacha a chomhlíonadh faoi réir na gcomhaontuithe comhlachais a ghabhann leis. Cinneann an Chomhairle d’aon toil, ar bhonn molta ón gCoimisiún, maidir leis na tagarmharcanna nó le hoscailt caibidle.

Tarlaíonn an chaibidlíocht le linn comhdhálacha idir-rialtasacha déthaobhacha lena mbaineann na Ballstáit ar fad agus an tír is iarrthóir.

Cuirtear deireadh le haon chaibidil ar leith den chaibidlíocht nuair a chomhlíonann tír is iarrthóir na critéir tagartha (“tagarmharcanna”) a leagtar síos do chlabhsúr caibidle (mar shampla: bearta reachtaíochta, cásanna riaracháin nó breithiúnacha, gnéithe den acquis atá curtha chun feidhme cheana féin, geilleagar margaidh atá inmharthana do na caibidlí eacnamaíocha). Lena chois sin, ní mór don tír glacadh le dréacht-chomhsheasamh an AE, arna ullmhú ag an gCoimisiún agus arna glacadh d’aon toil ag an gComhairle. Féadfaidh na caibidlí dúnta a bheith athoscailte, áfach, mura gcomhlíonann na tíortha is iarrthóirí na coinníollacha a thuilleadh.

Féadfaidh an chaibidlíocht aontachais a bheith curtha ar fionraí i gcás ina ndéantar sárú tromchúiseach seasmhach ar na prionsabail ar a bhfuil an AE bunaithe. Féadfaidh an Coimisiún, as a chonlán féin nó ar éileamh ón trian cuid de na Ballstáit, an chaibidlíocht a chur ar fionraí agus coinníollacha a mholadh maidir lena hathbhunú. Glacann an Chomhairle, le tromlach cáilithe, an moladh sin tar éis di dul i gcomhairle leis an tír is iarrthóir lena mbaineann.

Chomh luath agus a chuirtear clabhsúr leis na caibidlí ar fad, tagann deireadh leis an bpróiseas aontachais. Ag an bpointe seo, is féidir comhaontú, dá ngairtear an Conradh Aontachais, a dhéanamh idir na Ballstáit agus an tír is iarrthóir. Cinneann an Chomhairle, áfach, d’aon toil, tar éis tuairim ón gCoimisiún agus toiliú ó Pharlaimint na hEorpa a fháil, deireadh a chur leis an bpróiseas nó é a choinneáil ar oscailt. Cuimsíonn an Conradh Aontachais:

  • torthaí na caibidlíochta aontachais, coinníollacha don aontachas agus bearta slándála nó tuairiscithe do na réimsí ar gá tuilleadh oibre a dhéanamh orthu;
  • oiriúnú na n-institiúidí agus na gconarthaí agus leithdháileadh na vótaí sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa, líon na bhFeisirí Eorpacha, baill Choiste na Réigiún, srl.;
  • dáta an aontachais.

Caithfidh an Conradh Aontachais a bheith daingnithe ag gach Ballstát agus ag an Ballstát dóchúil. Ón am sin ar aghaidh is tír aontach í an tír is iarrthóir agus leanann sí ar aghaidh, faoi shúil ghéar an Choimisiún, leis an bpróiseas aontachais tríd athruithe a dhéanamh sna réimsí inar gá dul chun cinn a dhéanamh.

Ionstraimí an phróisis aontachais

Sainítear straitéis réamhaontachais do gach próiseas aontachais agus do gach tír is iarrthóir. Déanann an straitéis sin foráil d’ionstraimí (a liostaítear anseo thíos) a bheidh mar thacaíocht do na tíortha is iarrthóirí agus ullmhúcháin á ndéanamh acu.

Feidhmíonn na comhaontuithe atá tugtha i gcrích idir an AE agus gach tír is iarrthóir mar chreat déthaobhach don chomhphlé agus don chaibidlíocht. Sampla díobh sin ná an comhaontú comhlachais agus an t-aontas custaim leis an Tuirc agus na comhaontais chobhsaíochta agus chomhlachais le tíortha na mBalcán Thiar.

Tarlaíonn comhphlé polaitiúil agus eacnamaíoch idir an AE agus gach tír is iarrthóir d’fhonn an próiseas a chomhdhlúthú. Corpraítear torthaí an chomhphlé sin sa chaibidlíocht ar aontachas.

Is creat ar leith do gach tír is iarrthóir iad na comhpháirtíochtaí aontachais. Leagtar amach iontu go sonrach:

  • na tosaíochtaí maidir le hathchóirithe sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, tosaíochtaí atá bunaithe ar chritéir Chóbanhávan;
  • na tosaíochtaí maidir le neartú na n-institiúidí agus an bhonneagair;
  • An Treoir um Chúnamh Airgeadais arna soláthar ag ciste an Chomhphobail.

Déanann na comhpháirtíochtaí aontachais foráil do na cláir náisiúnta um ghlacadh an acquis (NPAA) agus dréachtaíonn gach tír is iarrthóir cláir den chineál sin. Leagtar amach sna cláir sin clár chun na tosaíochtaí a chur chun feidhme arna sainiú ag an gcomhpháirtíocht aontachais agus na hacmhainní daonna agus airgeadais arna gcionroinnt chun na críche sin.

Tugtar deis do thíortha is iarrthóirí páirt a ghlacadh i gcláir, i ngníomhaireachtaí agus i gcoistí an AE. Chun na críche sin, déanann na tíortha is iarrthóirí ranníocaíocht; féadfaidh cuid den ranníocaíocht sin a bheith maoinithe ag an gcúnamh airgeadais réamhaontachais. Stádas mar bhreathnóirí atá ag na tíortha is iarrthóirí sna cláir ina nglacann siad páirt, áfach, agus ní bhíonn siad i láthair ag cruinnithe choistí monatóireachta na gclár sin, seachas sa chás ina bhfuil baint díreach acu leo (oideachas, oiliúint, an óige, an comhshaol, an tsláinte, srl). Bíonn ról difriúil acu i ngníomhaireachtaí éagsúla, agus glacann siad páirt go páirteach nó go hiomlán iontu.

Cuirtear tús le monatóireacht an Choimisiúin (“monatóireacht”) chomh luath agus a chuirtear isteach éileamh ar aontachas agus leanann an mhonatóireacht ar aghaidh go dtí go dtiocfaidh aontachas iarbhír an tír sin don AE i bhfeidhm.

Is i bhfoirm tuarascálacha bliantúla a dhéantar an mhonatóireacht sin. Sna tuarascálacha sin, déanann an Coimisiún measúnú ar chumas na dtíortha is iarrthóirí glacadh lena n-oibleagáidí mar Bhallstáit. Bíonn an struchtúr céanna ag na tuarascálacha ar fad; measúnú mionsonraithe ar chritéir Chóbanhávan lena n-áirítear meastóireacht caibidil ar chaibidil maidir le glacadh agus le cur chun feidhme an acquis.

Ar bhonn níos rialta, agus mar tacaíocht lena mheastóireacht bhliantúil, tá próiseas leantach curtha ar bun ag an gCoimisiún chun monatóireacht a dhéanamh ar an gcaibidlíocht aontachais. Tá an próiseas sin bunaithe ar an gcreat caibidlíochta agus is í an aidhm atá leis dul chun cinn na dtíortha is iarrthóirí, maidir lena gcuid reachtaíochta a chomhfhogasú leis an acquis, a mheasúnú, chomh maith le cur chun feidhme an acquis. Foilsítear torthaí na meastóireachta sin go rialta sna tuarascálacha monatóireachta.

Is é cuspóir an chomhphlé leis an tsochaí shibhialta go nglacfadh an tsochaí shibhialta san AE agus sna tíortha is iarrthóirí páirt sa phróiseas aontachais, d’fhonn a gcomhthuiscint agus a gcomheolas a neartú.

Tacaíonn an cúnamh airgeadais um réamhaontachais le:

  • hathchóirithe institiúidí agus le cur ar bun bhonneagair riachtanacha ar mhaithe le comhfhogasú leis an acquis agus le cur i bhfeidhm an acquis;
  • comhar réigiúnach agus trasteorann;
  • forbairt réigiúnach;
  • bearta ullmhúcháin chun páirt a ghlacadh i gCistí Struchtúracha an AE.

Tá nasc idir an cúnamh um réamhaontachas agus an próiseas aontachais. Dá bhrí sin, ní mór an cúnamh sin a oiriúnú de réir mar a dhéanann na tíortha is iarrthóirí dul chun cinn agus ar mhaithe le tosaíochtaí nua a shainaithint.

Don tréimhse 2007-2013 cuireann an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) cúnamh airgeadais ar fáil do thíortha is iarrthóirí, agus do thíortha is iarrthóirí dóchúla sna Balcáin Thiar.

Lena chois sin, féadfaidh na tíortha is iarrthóirí comh-mhaoiniú a fháil ó na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais (IFI) a bhfuil comhaontuithe sínithe acu leis an gCoimisiún. Ní amháin go gcuidíonn na comhaontuithe le comhar idir na hinstitiúidí sin a neartú ach cuidíonn siad freisin le hiasachtaí agus cistí a bhaineann leis an bpróiseas réamhaontachais a úsáid ar bhealach níos éifeachtaí. Tá ról suntasach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) (DE) (EN) (FR), institiúid airgeadais chreidiúnaithe an AE, sa réimse sin.

Cúlra

Rinneadh cúig mhéadú comhleanúnacha ar an AE ónar bunaíodh é sa bhliain 1957. Sé Bhallstát bunaidh a bhí ann ar dtús, ach tá méadú tagtha ar líon na mBallstát go dtí seacht mBallstát is fiche sa lá atá inniu ann.

Bhí na méaduithe a tharla sna blianta 2004 agus 2007 gan fasach i leith líon na dtíortha a tháinig isteach san Aontas agus i leith na ndúshlán a d’eascair óna n-aontachas don AE. Déanta na fírinne, i dtéarmaí na gcúinsí polaitiúla agus eacnamaíocha a bhí ann ag an am i bhformhór na dtíortha sin, bhí tuilleadh ullmhúcháin ag teastáil. Lena chois sin, ba ghá don AE é féin a ullmhú chun freastal dóibh. Dá bhrí sin, rinneadh próiseas aontachais an AE a threisiú.

Nuashonrú is déanaí: 16.03.2010
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh