EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Méadú

enlargement

Sé bhall a bhí i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa ar dtús, a bunaíodh sna 1950í agus ar a dtugtar an tAontas Eorpach (AE), anois: An Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg. Tá ballraíocht glactha ag 22 tír eile san Aontas Eorpach ó shin, lena n–áirítear méadú stairiúil in 2004 lenar ceiliúradh athaontú na hEorpa i ndiaidh di a bheith deighilte leis na scórtha blianta. Ón 1 Feabhra 2020 i leith, níl an Ríocht Aontaithe ina cuid den Aontas Eorpach a thuilleadh.

Clúdaítear i mbeartas AE um méadú faoi láthair an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv*, an Mhacadóin Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia agus an Tuirc.

Leagtar amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 49) nach féidir ach le tíortha Eorpacha a bhfuil meas acu ar luachanna AE agus atá tiomanta do na luachanna sin a chur chun cinn iarratas a dhéanamh ar bhallraíocht a ghlacadh in AE. Ní fhéadfar an próiseas iarratais a sheoladh ach le mian shainráite na dtíortha sin, agus le comhaontú Bhallstáit uile AE atá ann cheana.

Chun an próiseas a dhéanamh oibiachtúil agus trédhearcach, tá roinnt rialacha agus critéar leagtha amach ag na Ballstáit chun cuidiú leo a chinneadh nuair atá tír is iarrthóir réidh le ballraíocht a ghlacadh in AE agus le bheith ina ball. Baineann na critéir leis an méid seo a leanas:

  • cobhsaíocht na n–institiúidí lena gcinntítear daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus cosaint na mionlach (critéir pholaitiúla); 
  • geilleagar margaidh atá ag feidhmiú a bheith ann agus an cumas déileáil le hiomaíocht agus fórsaí margaidh in AE (critéir eacnamaíocha);
  • an cumas tabhairt faoi oibleagáidí na ballraíochta (e.g. reachtaíocht AE a chur i bhfeidhm).

Chomh maith leis sin, ní mór do AE a bheith ábalta baill nua a chomhtháthú, mar sin coimeádann sé an ceart chuige féin a chinneadh nuair a bheidh sé réidh le glacadh leo.

Maidir leis na Balcáin thiar, tá coinníollacha breise i bhfeidhm, a bhaineann den chuid is mó le comhar réigiúnach agus dea–chaidreamh comharsan (an “Próiseas cobhsaíochta agus comhlachais”).

* Tá an t–ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244/1999 agus Tuairim CBI faoi Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.