RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Méadú

Méadú

Bunaíodh an tAontas Eorpach sa bhliain 1957 agus tá méadú tagtha air ó shé Bhallstát go 27 mBallstát de thoradh cúig cinn de mhéaduithe. Ceann tiomána mór don lánpháirtiú is ea an méadú. Mar sin féin, ba é an cúigiú méadú, méadú ar scála nach bhfacthas riamh roimhe a thug 12 Bhallstát nua isteach in dhá ghrúpa as a chéile sna blianta 2004 agus 2007, a shainigh comhrianta phróiseas an mhéadaithe. Cuimsíonn an próiseas sin anois na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht AE agus na hiarratasóirí féideartha in Iarthar na mBalcán. Tagann an chéad ghrúpa faoi phróiseas an mhéadaithe agus an dara grúpa faoin bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais.
Soláthraíonn Airteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus critéir Chóbanhávan creat an mhéadaithe. Cé gurb é cuspóir phróiseas an mhéadaithe na tíortha is iarrthóirí a ullmhú ionas gur féidir leo a gcuid oibleagáidí mar Bhallstáit a ghlacadh ar a n-aontachas, féachann an próiseas cobhsaíochta agus comhlachais leis na tíortha is iarrthóirí féideartha a thabhairt níos gaire don AE. Bunaítear na próisis seo ar choinníollacha dochta, ag féachaint go cuí do riachtanais agus do thairbhí gach tíre, agus tacaíonn ionstraimí déthaobhacha agus airgeadais a ceapadh chun na críche seo, leo.

  • Méadú leanúnach
    Straitéis méadaithe, Tíortha aontacha, Tíortha is iarrthóirí, an Chróit, an Tuirc, Iar-Phoblacht Iúgslavach na Macadóine, Cúnamh airgeadais, Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (ICR), Comhar earnála, Pobal Turcach na Cipire
  • Méadú 2004 agus 2007
    Stair an mhéadaithe, Forálacha Ginearálta, Cur chuige earnála, Ionstraimí réamhaontachais 2000–2006, Phare, ISPA, Clár Aontachais Speisialta um Thalmhaíocht agus Forbairt na Tuaithe, an Bhulgáir, an Chipir, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, Poblacht na Seice, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin
  • An próiseas cobhsaíochta agus comhlachais: na Balcáin Thiar
    Straitéis an mhéadaithe, Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais, Comhpháirtíochtaí Eorpacha, Ionstraimí, Ionstraim i gcomhair Cúnaimh Réamhaontachais (ICR), an Ghníomhaireacht Eorpach um Athchóiriú, Rannpháirteachas i gcláir Chomhphobail, Bearta eisceachtúla trádála, Comhar earnála

Féach leis

  • Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Méadú (DE) (EN ) (FR)
  • Eolas breise: Ard-Stiúrthóireacht an Mhéadaithe (DE) (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
  • Comhaontuithe Idirnáisiúnta (EN)
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh