RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Fuinneamh in-athnuaite

Fuinneamh

Malairt riachtanach ar bhreoslaí iontaise is ea foinsí in-athnuaite fuinnimh — cumhacht gaoithe, cumhacht gréine (teirmeach agus fótavoltach), cumhacht hidrileictreach, cumhacht taoide, fuinneamh geoiteirmeach agus bithmhais. Ní amháin go gcabhraíonn úsáid na bhfoinsí seo le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa ó ghiniúint agus ó ídiú fuinnimh a laghdú, ach cabhraíonn siad freisin chun spleáchas an Aontais Eorpaigh (AE) ar allmhairí de bhreoslaí iontaise (ola agus gás, go háirithe) a laghdú.
Chun an sprioc uaillmhianach a bhaint amach de 20 % den fhuinneamh iomlán ó gach foinse fuinnimh a bheith ag teacht ó fhoinsí in-athnuaite, tá beartaithe ag an AE díriú ar na hearnálacha leictreachais, téimh agus fuaraithe agus ar bhithbhreoslaí. Ó thaobh an iompair de, a bhraitheann go huile is hiomlán, nach mór, ar ola, tá súil ag an gCoimisiún go sroichfidh an cion de bhithbhreoslaí san ídiú breosla iomlán 10 % faoin mbliain 2020.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh