RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Fuinneamh núicléach

Fuinneamh

I láthair na huaire, stáisiúin chumhachta núicléacha is ea a tháirgeann tuairim is trian den leictreachas agus 15 % den fhuinneamh a ídítear san Aontas Eorpach (AE). Foinse fuinnimh ísealcharbóin ar chostas measartha cobhsaí is ea an earnáil seo, a fhágann gur earnáil tharraingteach í ó thaobh cinnteacht soláthair de agus an chomhraic in aghaidh athrú aeráide. Is faoi gach Ballstát atá sé, áfach, cinneadh a dhéanamh cibé an saothrófar rogha na cumhachta núicléiche nó nach saothrófar. Cuireadh bonn faoin bhfuinneamh núicléach san Eoraip sa bhliain 1957 nuair a bunaíodh Euratom (An Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach). Ba é a phríomhchúraimí comhar a chur ar aghaidh i réimse an taighde, an pobal a chosaint trí chomhchaighdeáin sábháilteachta a bhunú, soláthar leordhóthanach cothrom mianta agus breosla núicléach a chinntiú, monatóireacht a dhéanamh ar úsáid shíochánta ábhair núicléach, agus dul i gcomhar le tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Tá bearta sonracha ar leibhéal an AE dírithe ar shláinte iad siúd a oibríonn san earnáil agus an phobail i gcoitinne a chosaint, agus an comhshaol a chosaint ar na rioscaí a ghabhann le húsáid na breosla núicléiche agus leis an dramhaíl iarmhartach.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh