RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Fuinneamh

Fuinneamh

Is é an fuinneamh a choimeádann an Eoraip ag imeacht. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go dtabharfadh an tAontas Eorpach (AE) aghaidh ar na dúshláin mhóra fuinnimh atá fúinn inniu, eadhon athrú aeráide, an méadú sa spleáchas ar allmhairí, an brú ar fhoinsí fuinnimh agus conas teacht a thabhairt do chách ar fhoinse shlán d’fhuinneamh inacmhainne. Tá beartas uaillmhianach fuinnimh á chur i bhfeidhm ag an AE, beartas a chlúdóidh raon iomlán na bhfoinsí fuinnimh, ó bhreoslaí iontaise (ola, gás, gual) go fuinneamh núicléach agus fuinneamh in-athnuaite (gréine, gaoithe, bithmhaise, geoiteirmeach, hidrileictreach agus taoide), ag iarraidh réabhlóid thionsclaíoch nua a spreagadh as a leanfaidh geilleagar ísealfhuinnimh agus a dhéanfaidh an fuinneamh a ídímid níos sláine, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe ag an am céanna.

Féach leis

  • Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Fuinneamh.
  • Gheofar breis eolais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (EN) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh