RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


An beartas Eorpach fuinnimh

Fuinneamh

Chuir Conradh Liospóin ceist an fhuinnimh i gceartlár ghníomhaíocht na hEorpa. Is éard a dhéanann sé ná bonn nua dlíthiúil a chur faoi, rud a bhí in easnamh sna conarthaí roimhe sin (Airteagal 194 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)).
Tacaíonn ionstraimí airgeadais Comhphobail agus uirlisí margadh-bhunaithe (cánacha, fóirdheontais agus an scéim trádála astaíochtaí CO2, go príomha) le haidhmeanna an bheartais, trí theicneolaíochtaí fuinnimh a fhorbairt (go háirithe teicneolaíochtaí le haghaidh éifeachtúlachta fuinnimh agus le haghaidh fuinnimh in-athnuaite nó ísealcharbóin). Thairis sin, ghlac an AE sraith beart i Nollaig 2008 chun rannchuidiú an AE le téamh domhanda a laghdú agus soláthar fuinnimh a ráthú.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh