EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Is é is aidhm léi feidhmíocht fuinnimh foirgneamh san Aontas Eorpach (AE) a fheabhsú, ag cur san áireamh dálaí aeráide agus áitiúla éagsúla.
  • Leagtar amach íosriachtanais agus comhchreat léi le haghaidh feidhmíocht fuinnimh a ríomh.
  • Tar éis athbhreithniú ar a cur chun feidhme, leasaíodh Treoir 2010/31/AE in 2018 le Treoir (AE) 2018/844. Ba é an aidhm phríomhúil athchóiriú cost–éifeachtúil foirgneamh a atá ann a luathú agus teicneolaíochtaí cliste i bhfoirgnimh a chur chun cinn. Mar chuid den phacáiste um Fhuinneamh Glan, comhlánaítear leis an treoir leasaitheach an reachtaíocht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE íosriachtanais optamacha um fheidhmíocht fuinnimh a leagan síos. Ba cheart iad sin a athbhreithniú gach 5 bliana. Ní foláir nó go gclúdaítear an foirgneamh, na comhpháirteanna dá chuid agus an fuinneamh a úsáidtear leo maidir le:
    • téamh spáis;
    • fuarú spáis;
    • uisce te baile;
    • aerú;
    • soilsiú ionsuite;
    • córais foirgnimh theicniúla*.
  • Tá an Coimisiún Eorpach tar éis creat modheolaíochta comparáidí a chur ar bun chun na leibhéil chostais is fearr a ríomh do na riachtanais feidhmíochta fuinnimh.
  • Ní foláir nó go gcomhlíontar na híoschaighdeáin le foirgnimh nua. Ní foláir nó go mbainfí stádas nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh* amach le foirgnimh faoi úinéireacht agus arna n-áitiú ag údaráis phoiblí faoin 31 Nollaig 2018 agus le foirgnimh nua eile faoin 31 Nollaig 2020.
  • Ní mór an fheidhmíocht fuinnimh, i bhfoirgnimh atá ann cheana, agus mór-athchóiriú á dhéanamh orthu, a uasghrádú chun na riachtanais is infheidhme a chomhlíonadh.
  • Ní mór do thíortha AE córas deimhnithe um fheidhmíocht fuinnimh a oibriú. Leis na deimhnithe:
    • soláthraítear faisnéis do cheannaitheoirí nó tionóntaí ionchasacha maidir le rátáil fuinnimh foirgnimh;
    • áirítear moltaí leo maidir le feabhsuithe cost-éifeachtúla;
    • ní mór tagairt a dhéanamh dóibh i ngach fógra sna meáin tráchtála nuair a dhéantar áitribh a thairiscint lena ndíol nó lena ligean ar cíos.
  • Ní mór d’údaráis náisiúnta thíortha AE a áirithiú go bhfuil scéimeanna i bhfeidhm chun iniúchadh a dhéanamh ar chórais téimh agus aerchóirithe.

Leasúcháin ar an treoir bhunaidh

  • Ceanglaítear le Treoir leasaitheach (AE) 2018/844 ar thíortha AE straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a dhréachtú d’fhonn tacú le hathchóiriú foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe ina stoc foirgneamh atá an–éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus dícharbónaithe faoi 2050. Ba cheart go leagfaí treochlár amach leis na straitéisí le bearta agus táscairí intomhaiste maidir le dul chun cinn, ag féachaint do chuspóir fadtéarma 2050 an AE chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú faoi 80-95% i gcomparáid le 1990. Ní mór garspriocanna táscacha do 2030, 2040 agus 2050 a bheith sa treochlár, agus ní foláir nó go sonraítear ann conas a chuireann siad le spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais a bhaint amach de réir Threoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (féach an achoimre).
  • Sa bhreis air sin, déantar an méid a leanas leis an treoir athbhreithnithe:
    • leathnaítear raon feidhme an chórais scrúdaithe reatha ar chórais téimh agus aerchóirithe chun córais chomhcheangailte (le haerú) a áireamh agus chun feidhmíocht na gcóras faoi dhálaí oibríochtúla gnáthúla a chur san áireamh;
    • spreagtar úsáid teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide agus teicneolaíochtaí uathoibrithe agus rialaithe chliste i bhfoirgnimh;
    • tacaítear le feidhmiú céimneach an bhonneagair do luchtú feithiclí leictreacha i gcarrchlóis foirgneamh trí éileamh ar shuiteáil bonneagair duchtaithe agus pointí athluchtaithe;
    • tugtar isteach léi “táscaire ullmhachta cliste” chun cumas foirgneamh dul in oiriúint do riachtanais an áititheora a rátáil, chun a fheidhmiú a bharrfheabhsú agus chun idirghníomhú leis an eangach.

Comhscéim roghnach AE chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil

In 2020, ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe agus gníomh cur chun feidhme:

  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2155 déantar Treoir (AE) 2010/31/AE a fhorlíonadh trí chomhscéim roghnach AE a bhunú chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil, i.e. sainmhínítear léi an táscaire ullmhachta cliste agus modheolaíocht choiteann trína bhfuil sí le ríomh. Is éard atá sa mhodheolaíocht scóir ullmhachta cliste foirgneamh nó aonad foirgneamh a ríomh agus rátáil ullmhachta cliste foirgneamh nó aonad foirgneamh a fháil.
  • Leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2156 na sonraí teicniúla chun comhscéim roghnach an Aontais a chur chun feidhme d’fhonn ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil. Cumhdaítear gnéithe ann lena n–áirítear an méid a leanas:
    • creidiúnú agus cáilíocht na saineolaithe táscaire ullmhachta cliste,
    • eisiúint deimhnithe táscaire ullmhachta cliste agus téarmaí agus coinníollacha maidir lena úsáid, agus
    • tástáil scéime táscaire ullmhachta cliste.

Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2155 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2156 ón 10 Eanáir 2021.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREORACHA?

  • Tá feidhm ag Treoir 2010/31/AE ón 8 Iúil 2010 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 9 Iúil 2012.
  • Tá feidhm ag Treoir leasaitheach (AE) 2018/844 ón 9 Iúil 2018 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 10 Márta 2020.

CÚLRA

Is í earnáil na bhfoirgneamh san AE an tomhaltóir fuinnimh aonair is mó san Eoraip, agus 40% den fhuinneamh á ídiú aici, agus tá timpeall ar 75% de na foirgnimh neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de. Mar gheall ar na leibhéil éifeachtúlachta fuinnimh ísle sin, is ceann de chuspóirí fadtéarma den AE an stoc foirgneamh a dhícharbónú. Is gné thábhachtach an treoir seo d’fhoirgnimh a dhéanamh níos éifeachtúla.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Córas foirgneamh teicniúil: trealamh teicniúil maidir le téamh spáis, fuarú spáis, aerú, uisce te baile, soilsiú ionsuite, uathoibriú agus rialú foirgnimh, giniúint leictreachais ar an láithreán, nó comhcheangal díobh sin, lena n-áirítear na córais sin a úsáideann fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, de chuid foirgnimh nó aonad foirgnimh.
Foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh: foirgneamh ina bhfuil feidhmíocht fuinnimh an-ard aige. Ba cheart an méid an-íseal fuinnimh a theastaíonn a chumhdach go méid an-mhór ó fhoinsí in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a dhéantar a tháirgeadh ar an láithreán nó gar don láithreán.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (athmhúnlú) (IO L 153, 18.6.2010, lgh. 13-35)

Rinneadh leasuithe leanúnacha ar Threoir 2010/31/AE a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2155 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí chomhscéim roghnach an Aontais Eorpaigh a bhunú chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil (IO L 431, 21.12.2020, lgh. 9-24)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2156 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 ina mionsonraítear na modúlachtaí teicniúla le haghaidh chur chun feidhme éifeachtach chomhscéim roghnach an Aontais chun ullmhacht chliste foirgneamh a rátáil (IO L 431, 21.12.2020, lgh. 25-29)

Moladh (AE) 2016/1318 ón gCoimisiún an 29 Iúil 2016 maidir le treoirlínte chun foirgnimh ar ráta úsáide fuinnimh a bheadh gar do nialas agus chun dea–chleachtais a chur chun cinn d’fhonn a áirithiú, faoi 2020, go mbeidh gach foirgneamh nua ina bhfoirgnimh ar ráta úsáide fuinnimh a bheidh gar do nialas (IO L 208, 2.8.2016, lgh. 46-57)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Dul chun cinn na mBallstát i dtreo foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh de (COM(2013) 483 deireanach/2, 7.10.2013)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tacaíocht airgeadais le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh (COM(2013) 225 deireanach, 18.4.2013)

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 1-56)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 244/2012 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh trí chreat modheolaíochta comparáidí a bhunú chun na leibhéil is fearr ó thaobh costais de maidir le híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh d’fhoirgnimh agus d’eilimintí foirgníochta a ríomh (IO L 81 an 21.3.2012, lgh. 18-36)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 26.02.2021

Top