Tosaíochtaí agus cuspóirí: an clár oibre sóisialta
Is í aidhm bheartas sóisialta an Aontais Eorpaigh ná an fhostaíocht a chur ar aghaidh, dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú, leibhéal cuí cosanta sóisialta, idirphlé le páirtithe sóisialta, forbairt acmhainní daonna chun ardleibhéal inbhuanaithe fostaíochta a chinntiú agus bearta chun eisiamh a chomhrac. Tá an Clár Oibre Sóisialta nua don tréimhse 2006-2010 suite i gcomhthéacs athsheoladh Straitéis Liospóin i leith Fáis agus Fostaíochta. Freagraíonn sé do chuspóirí Eorpacha na dlúthpháirtíochta agus an rathúnais trí bhíthin tosaíochtaí bunúsacha: fostaíocht agus gníomhaíocht chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus comhdheiseanna a chur ar aghaidh.



