RSS
Innéacs A - Z

An cor sóisialta agus fostaíochta san Eoraip

Beartas fostaíochta agus sóisialta

Le monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí sóisialta agus ar fhorbairtí sa mhargadh saothair san Aontas Eorpach tá gá le sonraí staitistiúla ar féidir iad a chur i gcomparáid ar leibhéal na hEorpa. Baintear úsáid astu go háirithe chun tionchar athruithe eacnamaíocha agus déimeagrafacha ar an margadh saothair a mheasúnú. Maidir leis sin, tá córais bunaithe ag an gCoimisiún chun faisnéis staitistiúil a bhailiú a úsáidtear chun táscairí feidhmíochta a bhunú. Tacaíonn sé chomh maith le hobair anailíse a dhéanann na Ballstáit trí Chlár Comhphobail le haghaidh Fostaíochta agus Dlúthpháirtíochta, agus obair na Faireachlainne Eorpaí um Fhostaíocht. Taifeadtar an fhaisnéis seo ar fad i dtuarascálacha bliantúla.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh