EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nochtadh do chreathadh meicniúil

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/44/CE — íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh)

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Tá sé mar aidhm léi sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar rioscaí a bhaineann le creathadh meicniúil.
  • Leagtar amach inti íoschaighdeáin éigeandála sláinte agus sábháilteachta.
  • Féadfaidh tíortha AE iad sin a dhéanamh níos doichte más mian leo.
  • Forlíontar léi Treoir 89/391/CEE maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe a spreagadh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór d’fhostóirí:

  • leibhéil an chreathaidh mheicniúil dá bhfuil na hoibrithe nochta a mheasúnú agus, más gá, a thomhas;
  • súil a choinneáil ar an tionchar fisiciúil a d’fhéadfadh a bheith ag innealra ag brath ar chleachtais oibre, ar chineál an innealra agus ar na coinníollacha úsáide;
  • úsáid a bhaint as bealaí agus as modhanna chun tionchar an chreathaidh a thomhas;
  • a áirithiú go ndéanfaidh na daoine inniúla na measúnuithe agus na tomhais ag “eatraimh oiriúnacha”;
  • taifead a choinneáil de na torthaí le haghaidh seiceáil fhéideartha amach anseo;
  • aird a thabhairt ar thosca áirithe agus measúnú riosca á dhéanamh, go sonrach:
    • leibhéal, cineál agus fad an nochta,
    • éifeachtaí indíreacha a d’fhéadfadh bheith i gceist,
    • faisnéis a sholáthair ó mhonaróir an trealaimh;
    • trealamh athsholáthair a bheith ann;
  • an measúnú riosca a choinneáil cothrom le dáta;
  • na bearta is gá a shainaithint chun rioscaí a laghdú;
  • athruithe teicniúla agus eagraíochtúla a dhéanamh má sháraítear teorainneacha an chreathaidh. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith i gceist leo sin:
    • modhanna oibre eile nó trealamh atá deartha níos fearr,
    • suíocháin agus cosa ar threalamh a shuiteáil chun brú ar chorp nó ar lámha an úsáideora a laghdú,
    • cláir chothabhála,
    • athsmaoineamh a dhéanamh ar dhearadh agus leagan amach láithreacha oibre agus stáisiún oibre,
    • fad agus déine an nochta don chreathadh a theorannú,
    • sceidil oibre agus tréimhsí sosa iomchuí a chur i bhfeidhm,
    • éadaí a sholáthar chun oibrithe nochta a chosaint ar an bhfuacht agus ar thaise;
  • faisnéis agus oiliúint ábhartha a chur ar fáil don fhoireann. Ní mór an méid seo a leanas a bheith i gceist leis sin:
    • na bearta a rinneadh chun rioscaí a dhíothú nó iad a laghdú a mhéid is féidir,
    • sonraí maidir le teorainneacha nochta,
    • torthaí na gcleachtas um measúnú agus tomhas,
    • rioscaí gortaithe a d’fhéadfadh tarlú agus conas is ceart iad sin a bhrath agus a thuairisciú,
    • cleachtais shábháilte oibre,
    • comhairliúchán agus rannpháirtíocht rialta na foirne agus/nó a n-ionadaithe.

Ní mór do thíortha AE bearta a chur i bhfeidhm chun faireachas sláinte iomchuí oibrithe a áirithiú, go háirithe nuair:

  • is féidir nasc a bhunú idir creathadh agus tinneas inaitheanta nó éifeachtaí díobhálacha sláinte;
  • tá an chosúlacht ann gur tharla an tinneas nó na héifeachtaí díobhálacha mar gheall ar dhálaí oibre sainiúla;
  • is féidir teicnící tástáilte a úsáid chun tinneas nó iarmhairtí sláinte a bhrath.

Nuair a mheasann dochtúir go bhfuil tinneas inaitheanta ar oibrí nó go bhfuil sláinte oibrí go holc mar gheall ar chreathadh:

  • cuirtear an fostaí ar an eolas agus tugtar comhairle dó nó di maidir le faireachas sláinte ar bith a d’fhéadfadh a bheith riachtanach,
  • cuirtear an fostaí ar an eolas agus ní mór beart a dhéanamh chun na rioscaí a sainaithníodh a dhíothú nó a laghdú.

Féadfaidh tíortha AE iompar ar muir agus aeriompar a dhíolmhú ón treoir ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar coinníollacha áirithe.

Leagtar síos luachanna éagsúla gníomhaíochta um nochtadh sa treoir ag brath ar an dtéann an creathadh i gcion ar sciathán nó ar lámh an úsáideora nó ar a gcorp iomlán thar ghnáthlá oibre 8 n-uaire.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 6 Iúil 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 6 Iúil 2005.

CÚLRA

Nuair a bhaintear úsáid go minic as innealra a chritheann go mór, is féidir dochar a dhéanamh de mhatáin, de chnámha, d’análú agus fiú d’inchinn úsáideora mura ndéantar faireachán cúramach air. Baintear amach cothromaíocht leis an reachtaíocht idir úsáideoirí a chosaint agus gan ualaí neamhriachtanacha riaracháin, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur ar ghnóthais bheaga agus mheánmhéide.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis na híoscheanglais sábháilteachta agus sláinte a bhaineann le nochtadh oibrithe do rioscaí a bhaineann le hoibreáin fhisiceacha (creathadh) (an séú Treoir déag ar leith de réir bhrí Airteagal 16(1) de Threoir 89/391/CEE) — Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 177, 6.7.2002, lgh. 13-20)

Rinneadh leasuithe agus athruithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/44/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/391/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 26.11.2018

Top