Fás agus Fostaíocht
Bhí mar chuspóir ag an Straitéis Liospóin, a seoladh sa bhliain 2000, ná "an geilleagar eolasbhunaithe is iomaíche dinimiciúla ar an domhan idir an t-am sin agus 2010 a dhéanamh den Eoraip, agus í in ann fáis eacnamaíoch inbhuanaithe in éineacht le feabhais ar mhéid agus ar cháilíocht na fostaíochta agus mhéadú comhtháthaithe shóisialta". De réir thuarascáil mheántréimhseach, is beag má tá thíos seal agus thuas seal mar thoradh ag Straitéis Liospóin. Maidir le táirgiúlacht agus le fás, lean an bhearna ag dul i méad idir an Eoraip agus a cuid comhpháirtithe eacnamaíocha, agus an pobal ag dul in aois mar dhúshlán eile ina theannta sin.
Chinn an Chomhairle Eorpach mar sin ar Straitéis Liospóin a athsheoladh trí mheán comhpháirtíochta ar son an fháis agus na fostaíochta. Mar sin féin, beidh an fhorbairt inbhuanaithe ina bhonn faoin gcomhpháirtíocht i gcónaí. Ach chun í sin a bhaint amach, beidh ar an Eoraip a haire a dhíriú ar líon níos gainne tosaíochtaí. Leoga, dá mbainfí amach fás níos láidre inbhuanaithe agus dá gcruthófaí fostaíocht níos líonmhaire agus níos fearr cáilíocht, is amhlaidh go scaoilfí na hacmhainní riachtanacha chun ár gcuid uaillmhianta ginearálta a chur i ngníomh faoin bplean eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil.
- Tús nua don straitéis Liospóin (2005)Cartlann
- Clár Liospóin an ChomhphobailCartlann
- Clár Liospóin an Chomhphobail: moladh do 2008–2010Cartlann
- Tuarascáil straitéiseach ar an straitéis Liospóin athnuaite i leith fáis agus fostaíochta: timthriall nua 2008-2010Cartlann
- Rannpháirtíocht daoine óga ar bheagán deiseannaCartlann
-
ÁIT THARRAINGTEACH D'INFHEISTEOIRÍ A DHÉANAMH DEN EORAIP
Caithfear tarraingt na hEorpa mar áit infheistíochta a neartú chun an fás agus an fhostaíocht a spreagadh. Ós rud é go bhfuil obair thábhachtach á déanamh ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) ar mhaithe le fostaíocht agus fás a chruthú, i dtús báire caithfidh an Eoraip obair in aghaidh bacainní ar chruthú na FBManna agus meon na fiontraíochta a spreagadh. Ina theannta sin, in ainneoin an dul chun cinn déanta i ndiaidh sheoladh Straitéis Liospóin, níl go leor chaipiteal riosca ar fáil go fóill chun fiontair nua a sheoladh, agus cuireann córas cánach an lae inniu in aghaidh choinneáil bhrabúis chun do chuid caipiteal féin a neartú.- Fás FBManna a MhaoiniúCartlann
- Forbairt micrichreidmheasaCartlann
- Rannchuidiú na mbeartas cánachais agus custaim le Straitéis LiospóinCartlann
-
Margaí oscailte iomaíocha a dheimhniú san Eoraip agus lasmuigh di
An iomaíocht taobh istigh den mhargadh inmheánach, spreagann sí an táirgiúlacht agus an nuálaíocht. Tá eochar-ról ag beartas iomaíochta na hEorpa ag múnlú margaí iomaíocha. Caithfidh sé leanúint ar aghaidh taobh istigh d'Eoraip mhéadaithe agus i margaí áirithe eile nár nochtadh a dtualaing ar fad go fóill. Is é an rud atá i gceist ná bacainní ar an iomaíocht a bhaint agus cúnamh Stáit a athdhíriú ionsar an nuáil, an taighde agus an bhforbairt, agus ionsar an gcaipiteal riosca. Taobh amuigh den AE, caithfidh an beartas tráchtála deimhin a dhéanamh de go mbíonn teacht ag fiontair Eorpacha ar mhargaí na dtríú tíortha de réir rialachán a ráthaíonn iomaíocht chóir. -
Rialacháin Eorpacha agus náisiúnta a fheabhsú
Cuidíonn simpliú reachtaíochta leis na fiontair, agus go háirithe leis na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM), trí mheán deireadh a chur le gnásanna folmha riaracháin. Tá neart tionscnamh seolta cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach agus ag na Ballstáit chun costais riaracháin a laghdú. Le leas tháirgiúlacht agus iomaíocht na bhfiontar Eorpach atá siad, agus le leas a gcumas oiriúnaithe, nuála agus fostaithe. Tá sé níos fusa cuideachtaí nua a chur ar bun dá thairbhe sin freisin. -
Bonneagar Eorpach a leathnú agus a fheabhsú
Caithfear infheistiú san iompar de réir riachtanais eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na sochaí. Is toisc thábhachtach iomaíochta é bonneagar nua-aimseartha agus é ag tarraingt fiontar, ós rud é go n-éascaíonn sé na malartuithe agus an tsoghluaisteacht. Ina theannta sin, tugann an t-athrú aeráide chun solais riachtanas na soghluaisteachta inbhuanaithe. Is é cuspóir na hidirmhódúlachta ná an trácht a dháileadh ar mhodhanna iompair níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, níos sábháilte agus níos tíosaí ar fhuinneamh. Mar an gcéanna, déanann teicneolaíochtaí nua méadú éifeachtúlachta ar iompar.
-
AN T-EOLAS AGUS AN NUÁIL, TOSCA FÁISE
Tá an t-eolas agus an nuáil ríthábhachtach chun an fháis agus na táirgiúlachta. Is toisc chriticiúil don Eoraip é fás na táirgiúlachta, mar i gcomhthéacs na hiomaíochta domhanda caithfidh sí dul chun coimhlinte le hiomaíocht a bhfuil lucht oibre ar sladmhargadh agus acmhainní nádúrtha ar fáil dóibh.-
Infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a mhéadú agus a fheabhsú
Is fada ón Eoraip a cuspóir, mar atá 3 % an OTI, a bhfuil 1 % de ón earnáil phoiblí agus 2 % de ón earnáil phríobháideach, a bhaint amach. Mar sin, réitíonn athchóiriú chúnamh Stáit an bealach chun chaipiteal riosca agus chun maoinithe d'fhiontair nua agus d'fhiontair nuálacha. Thar gach ní eile, féachann an 7ú creatchlár um thaighde le hinfheistíochtaí na hearnála príobháidí a chur isteach sna heochair-theicneolaíochtaí. Ina theannta sin, comhchur chuige cánach maidir leis an taighde agus an bhforbairt, spreagfadh sé na fiontair le hinfheistiú ar mhaithe le gníomhaíochtaí R&D. -
An nuálaíocht a éascú agus glacadh le teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide (TFC)
Ionas go dtarraingeodh an taighde an fás, caithfear nuálaíocht a dhéanamh de thoradh na taighde. Dá fheabhas comhoibriú idir na hollscoileanna agus na fiontair, is amhlaidh is fearr aistriú smaointe mar mhalairt ar mhéadú an mhaoinithe a bhronnann na fiontair ar na hollscoileanna. Is é an toradh atá air ná taighde níos fearr cáilíocht agus níos tairbhí. Tacaíonn an Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht le gníomhaíochtaí ar mhaithe le húsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise, na n-éicitheicneolaíochtaí agus fhoinsí in-athnuaite fuinnimh. -
An nuálaíocht ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe
Is eochairghnéithe iad an nuálaíocht agus an fhorbairt theicneolaíoch chun fáis eacnamaíoch atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus chun inbhuanaitheacht na n-acmhainní a dheimhniú (acmhainní fuinnimh go háirithe). Mar an gcéanna, is féidir go n-osclóidh forbairt na dteicneolaíochtaí, atá neamhdhíobhálacha don chomhshaol, margaí nua, rud a spreagfadh iomaíochas na bhfiontar agus an fhostaíocht. -
Cur le bonn daingean tionsclaíoch a chruthú don Eoraip
Ní bhaintear lánsochar as tualaing thionsclaíoch na hEorpa go fóill. De bharr comhchur chuige Eorpaigh i leith na ndúshlán i gcúrsaí taighde, rialúcháin agus maoinithe, d'fhéadfaí sineirgí a chruthú a chuirfeadh ar ár gcumas tionscadail a chur i gcrích ar an mórchóir agus riachtanas na sochaí a fhreagairt ar mhodh níos oiriúnaí. Ina theannta sin, chuirfeadh ranníocaíocht airgid ón earnáil phoiblí le forbairt inbhuanaithe táirgí agus seirbhísí nithiúla agus í ag neartú iomaíochas na hEorpa go hidirnáisiúnta ag an am céanna. Is dea-eiseamláir de chomhpháirtíocht iad an tionscadal Galileo agus an teileafónaíocht mhóibíleach.- Beartas tionscail EorpachCartlann
-
Infheistíocht sa taighde agus san fhorbairt a mhéadú agus a fheabhsú
-
FOSTAÍOCHT NÍOS LÍONMHAIRE AGUS FOSTAÍOCHT NÍOS FEARR CÁILÍOCHT A CHRUTHÚ
Tá fostaíocht níos líonmhaire agus níos fearr cáilíocht de dhíth ar an Eoraip. Agus an t-athrú déimeagrafach ag teannadh leis ar cheist na fostaíochta, is deargriachtanas é seo ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de.- Dlúthpháirtíocht idir na glúinte a chur chun cinnCartlann
- Todhchaí dhéimeagrafach na hEorpa — ó dhúshlán go deisCartlann
- Páipéar Uaine "Ag tabhairt aghaidhe ar athrú déimeagrafach: dlúthpháirtíocht nua idir na glúinte"Cartlann
- Lánpháirtíocht an ógra san oideachas, san fhostaíocht agus sa tsochaí a chur chun cinnCartlann
-
Tuilleadh daoine a tharraingt ar mhargadh an tsaothair agus córais na coimirce sóisialta a nua-aoisiú
Iarrtar ar na Ballstáit rátaí fostaíochta a shocrú do 2008 agus do 2010 agus glacadh le bearta le cur i bhfeidhm taobh istigh dá gcláir náisiúnta athchóirithe. Cuidíonn na treoirlínte comhtháthaithe fostaíochta leo na hionstraimí is éifeachtúla a roghnú. Is é an dúshlán atá rompu ná tuilleadh daoine a tharraingt agus a choinneáil i margadh an tsaothair: tugtar aire faoi leith don aos óg agus d'oibreoirí aosta. Sa chomhthéacs seo, caithfear córas na bpinsean agus cúram sláinte a athchóiriú mar an gcéanna chun a n-inmharthanacht féin agus coimirce shóisialta iontaofa a dheimhniúe. -
Cumas oiriúnaithe na n-oibreoirí agus na bhfiontair a fheabhsú agus solúbthacht mhargadh an tsaothair a mhéadú
Geilleagair atá ag athrú go gasta, caithfidh a gcuid oibreoirí a bheith an-inoiriúnaithe agus iad i gcumas a n-oilteacht a fhorbairt chun riachtanais na n-earnálacha atá ag fás go láidir a fhreagairt. Mar sin féin, caithfidh slándáil shóisialach a chuimsíonn tréimhsí na n-athruithe mar an gcéanna dul leis a leithéid de sholúbthacht. Caithfear na córais coimirce sóisialta a nua-aoisiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua. Chun riachtanais an mhargaidh a fhreagairt níos fearr, ní féidir gan deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht oibreoirí. -
Breis infheistíochta i gcaipiteal daonna trí mheán an t-oideachas agus an oilteacht a fheabhsú
Tá an t-oideachas agus an oiliúint ríthábhachtach taobh istigh de gheilleagar atá bunaithe ar an eolas ós rud é go dtacaíonn siad leis an bhfás agus leis an bhfostaíocht trí mheán lucht oibre ardcháilithe inoiriúnaithe a sholáthar. Mar an gcéanna, neartaíonn siad an comhtháthú sóisialta agus an tsaoránacht ghníomhach. Ba chóir fáil ar an oideachas agus ar an oiliúint a dheimhniú do chách trí mheán limistéar Eorpach an oideachais, na hoiliúna agus na printíseachta ar feadh an tsaoil, ar chóir é a bheith ina shlat tomhais domhanda faoi 2010. -
Beartas Comhtháthaithe an AE 2007-2013 agus cion feidhme na gCistí Struchtúrtha agus an Chiste Chomhtháthaithe
Leagann treoir straitéiseach an Chomhphobail tosaíochtaí amach ó thaobh an bheartais chomtháthaithe de. Sainaithníonn an treoir seo na réimsí siúd ina bhféadann an beartas comhtháthaithe cur le baint amach chuspóirí Straitéis Liospóin agus chuspóirí na dtreoirlínte comhtháthaithe ar son an fháis agus na fostaíochta. Mar sin tá na cláir agus na tionscadail náisiúnta a bhaineann leis na Cistí Struchtúrtha agus leis an gCiste Comhtháthaithe dírithe ar an bhfás, ar an bhfostaíocht, ar an nuálaíocht agus ar gheilleagar an eolais, agus ar bonneagar fisiciúil a chruthú mar aon leis sin.
Féach leis
- Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh an Choimisiúin Eorpaigh: "Fás agus fostaíocht: le chéile chun Eoraip an lae amáraigh".



