EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Foirne traenach trasteorann – dálaí oibre

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/47/CE maidir leis an gcomhaontú ar ghnéithe áirithe de dhálaí oibre oibrithe a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí iarnróid trasteorann idir-inoibritheacha

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Baintear cothromaíocht amach sa chomhaontú idir:
    • an gá lena chinntiú go mbeidh dóthain cosanta ag sláinte agus ag sábháilteacht oibrithe soghluaiste i seirbhísí iarnróid trasteorann idir-inoibritheacha; agus
    • an gá atá le solúbthacht nuair a bhíonn fiontair iompair iarnróid á reáchtáil i ngréasán iarnróid comhtháite de chuid an Aontais Eorpaigh (AE).
  • Bronntar tréimhse sosa laethúil de 12 uair an chloig comhleanúnacha ar oibrithe leis an gcomhaontú agus sosanna idir 30 agus 45 nóiméad. Cuireann sé teorainn ar an tréimhse laethúil tiomána go dtí 9 n-uaire an chloig ar sheal lae agus 8 n-uaire an chloig ar sheal oíche.
  • Tugtar solúbthacht níos fearr freisin d’fhostóirí leis an gcomhaontú toisc, faoi imthosca eisceachtúla, gur féidir leo na tréimhsí sosa laethúla a ghiorrú go dtí 9 n-uaire an chloig in ionad 11 dá bhforáiltear i dTreoir 2003/88/CE maidir le heagrú ama oibre.
  • Ní mór do thíortha AE rialacha níos fabhraí ná iad sin atá leagtha síos sa treoir seo a choimeád nó a thabhairt isteach.
  • Ní fhéadfar an treoir a úsáid chun údar a thabhairt maidir le leibhéal cosanta níos ísle d’oibrithe sa chás go dtugtar cosaint níos fearr faoi reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 27 Iúil 2005. B’éigean do thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 27 Iúil 2008.

CÚLRA

Is cuid den chreat foriomlán le haghaidh idir-inoibritheacht chórais iarnróid AE í an treoir seo. Cuirfidh gréasán iarnróid a bheidh comhtháite ar bhealach níos fearr ar chumas AE gearradh siar ar iompar ar bóthar agus na fo-éifeachtaí díobhálacha a bhíonn aige a laghdú. Nuair a bhíonn comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach féachtar le dálaí oibre sásúla a chinntiú d’oibrithe i seirbhísí iarnróid idir-inoibritheacha.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibrí soghluaiste: aon bhall d’fhoireann traenach atá sannta do sheirbhísí trasteorann idir-inoibritheacha ar feadh breis is uair an chloig bunaithe ar sheal laethúil.

Seirbhís trasteorann idir-inoibritheach: traenacha de chuid tíre amháin a fheidhmiú thar rianta tíre eile.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2005/47/CE an 18 Iúil 2005 ón gComhairle maidir leis an gComhaontú idir Comhphobal na nIarnród Eorpach (CER) agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) ar ghnéithe áirithe de dhálaí oibre oibrithe soghluaiste a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí trasteorann idir-inoibritheacha san earnáil iarnróid (IO L 195, 27.7.2005, lgh. 15-17)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle – Tionchar eacnamaíoch agus sóisialta an Chomhaontaithe atá iarcheangailte le Treoir 2005/47/CE a cuireadh i gcrích an 27 Eanáir 2004 idir na comhpháirtithe sóisialta ar ghnéithe áirithe de dhálaí oibre oibrithe soghluaiste a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí trasteorann idir-inoibritheacha san earnáil iarnróid (COM(2008), 855 leagan deireanach, 15.12.2008)

Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lgh. 9-19)

Nuashonraithe 06.09.2016

Top