RSS
Innéacs A - Z

Cearta fostaíochta agus eagrú na hoibre

Beartas fostaíochta agus sóisialta

Tá riachtanais íosta ag an Aontas Eorpach i réimse na gceart saothair agus eagrú na hoibre. Baineann na riachtanais seo le hiomarcaíocht ar an mórchóir, dócmhainneacht agus aistriú gnóthas, dul i gcomhairle le hoibrithe agus faisnéis a sholáthar dóibh, uaireanta oibre, caitheamh agus pá comhionann, agus oibrithe postáilte. Forlíonadh iad le creat-chomhaontuithe idir na páirtithe sóisialta Eorpacha. Ba as sin a tugadh isteach an ceart ar shaoire tuismitheora agus ar shaoire ar chúiseanna teaghlaigh ar fud an AE, agus d’éascaigh sé obair pháirtaimseartha agus theorannaigh sé úsáid conarthaí ar théarma seasta i ndiaidh a chéile. Ar deireadh, spreagann coincheap na freagrachta sóisialta corparáidí gnóthais chun dea-chleachtais a ghlacadh sa réimse shóisialta ar bhonn deonach. Tugann an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú moltaí do na cinnteoirí polaitiúla.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh