EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóir chomhionann le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha

Tugtar cosaint níos fearr d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha, buíochas leis reachtaíocht na hEorpa, trí chóir chomhionann a chinntiú maidir le dálaí oibre agus fostaíochta bunúsacha. Cuirtear ar bun léi creat maidir le leas a bhaint as obair gníomhaireachta chun cur go héifeachtach le cruthú na fostaíochta agus le foirmeacha oibre solúbtha a fhorbairt.

ACHT

Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair gníomhaireachta shealadach.

ACHOIMRE

Oibríonn oibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireacht um obair shealadach agus cuirtear faoi réir gnóthais úsáideoirí go sealadach iad. I dtaca le dálaí oibre agus fostaíochta bunúsacha, bíonn oibrithe gníomhaireachta sealadacha i dteideal an chóir chomhionann chéanna a fháil, mar riail ghinearálta, is a fhaigheann na hoibrithe a earcaítear go díreach ag an ghnóthas don phost céanna.

Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le gníomhaireachtaí poiblí agus príobháideacha um obair shealadach agus le gnóthais úsáideoirí a théann i mbun gníomhaíochtaí eacnamaíocha, cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad ag iarraidh brabús a dhéanamh. Tar éis dul i gcomhairle le páirtithe sóisialta, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh nach mbaineann an treoir le conarthaí fostaíochta i gcláir phoiblí áirithe, gairmoiliúint, lánpháirtíocht nó athoiliúint go speisialta.

Dálaí oibre agus fostaíochta

Baineann prionsabal na córa comhionainne le dálaí oibre agus fostaíochta bunúsacha i ndáil le:

  • fad an ama oibre, ragobair, sosanna, obair oíche, laethanta saoire agus saoirí poiblí;
  • pá.

Cuirtear cóir chomhionann ar fáil d’oibrithe chomh maithe i ndáil le:

  • mná torracha agus mná cíche a chosaint;
  • leanaí agus daoine óga a chosaint;
  • cóir chomhionann d’fhir agus do mhná;
  • cosaint ar idirdhealú bunaithe ar inscne, cine nó bunadh eitneach, creideamh, creidiúintí, míchumais, aois nó gnéaschlaonadh.

Féadfaidh na Ballstáit údarás a thabhairt do na páirtithe sóisialta, áfach, chun dálaí oibre agus fostaíochta sonracha a shainmhíniú d’oibrithe gníomhaireachta.

Tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe sóisialta, féadfaidh na Ballstáit rogha a chur ar fáil chomh maith chun maolú ar phrionsabal an phá chomhionainn i gcás oibrithe gníomhaireachta, oibrithe a bhfuil conradh buan fostaíochta (CBF) acu agus a n-íoctar pá leo chomh maith idir thascanna.

Rochtain ar fhostaíocht, ar oiliúint agus ar sheirbhísí

Ní mór go mbeadh ceart ag oibrithe gníomhaireachta conradh fostaíochta a shíniú leis an ghnóthas úsáideoirí ag deireadh an taisc. Mar sin, ní mór go gcoimeádfaí ar an eolas iad faoi fholúntais fostaíochta buaine. Ní mór go dtabharfaí spreagadh dóibh páirt a ghlacadh i gcláir oiliúna, cibé sa ghníomhaireacht um obair shealadach nó so ghnóthas úsáideoirí.

Ní mór go mbeadh rochtain acu ar áiseanna agus ar sheirbhísí comhchoiteanna an ghnóthais úsáideoirí (ceaintíní, saoráidí cúram leanaí agus iompar go speisialta), faoi na dálaí céanna atá ag oibrithe eile i bprionsabal.

Ionadaíocht agus faisnéis

Úsáidtear tairseach a ríomhtar bunaithe ar líon na bhfostaithe i ngnóthas nó i mbunaíocht chun na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe a bhunú. Cuirtear oibrithe gníomhaireachta san áireamh agus an tairseach sin á ríomh sa ghníomhaireacht um obair shealadach ina bhfuil siad ag obair, sa ghnóthas úsáideoirí dá shannadh iad nó san dá chuideachta araon.

Nuair a chuirtear an staid fostaíochta in iúl ag gnóthas úsáideoirí do na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht d’oibrithe, bíonn ar an ghnóthas faisnéis a sholáthar faoi leas a bhaint as oibrithe gníomhaireachta.

Pionóis

Ní mór go ndéanfadh na Ballstáit pionóis éifeachtacha comhréireacha athchomhairleacha a leagadh amach, pionóis a gcuirfí i bhfeidhm i gcás sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna n-achtú faoin treoir seo. Chomh maith leis sin, ba cheart go gcinnteoidís go mbeadh ann do bheart dlíthiúil nó riaracháin i gcás sáraithe ar na hoibleagáidí sa treoir seo.

Comhthéacs

Bhí ar na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar na srianta nó ar na toirmisc infheidhmithe maidir le hobair gníomhaireachta shealadach faoin 5 Nollaig 2011 ar a dhéanaí. Ní fhéadfaí údar a thabhairt leis na teorainneacha sin ach amháin chun críocha leasa ghinearálta.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

2008/104/CE

5.12.2008

5.12.2011

IO L 327, 5.12.2008, lch. 9-14

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún i ndáil le feidhmiú na Treorach 2008/104/CE maidir le hobair gníomhaireachta shealadach. [ COM(2014) 176 final an 21.3.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Meastar i dtuarascáil an Choimisiúin gur cuireadh an treoir i bhfeidhm i gceart den chuid is mó ach nár comhlíonadh cuspóir na treorach go hiomlán go fóill, cuspóir a bhfuil dhá eilimint ann. Sa chéad chás de, b’fhéidir go raibh an méid leasa a baineadh as maoluithe áirithe ar phrionsabal na córa comhionainne ina cúis leis an treoir a chur i bhfeidhm ar shlí nach mbeadh fíorthionchar aige maidir le cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe gníomhaireachta sealadacha. Os a choinne sin, rinneadh an status quo a dhlisteanú sa chuid is mó de chásanna, buíochas le hathbhreithniú ar shrianta agus ar thoirmisc ar úsáid na hoibre gníomhaireachta sealadaí, in ionad spreagadh a thabhairt d’athsmaoineamh ar ról na hoibre gníomhaireachta sealadaí i margaí saothair solúbtha nua-aimseartha.

Leanfaidh an Coimisiún le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na treorach agus le dlúthobair a dhéanamh leis na Ballstáit agus le páirtithe sóisialta lena chinntiú go mbainfear amach na cuspóirí. Cuireadh an treoir i bhfeidhm ag na Ballstáit le déanaí agus, mar sin, beidh tuilleadh ama ag teastáil chun taithí a bhailiú maidir leis an phróiseas cuir i bhfeidhm. Is é tuairim an Choimisiúin, mar sin, nach gá leasuithe a dhéanamh faoi láthair.

Nuashonrú is déanaí: 17.06.2014

Top