EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Uaireanta oibre ar bord long a bhfuil calafoirt AE á n–úsáid acu

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/95/AE — forálacha a chur i bhfeidhm i leith uaireanta oibre na maraithe a oibríonn ar bord long a mbíonn calafoirt an Aontais Eorpaigh á n–úsáid acu

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Féachtar leis an treoir seo sláinte agus sábháilteacht na maraithe a chosaint, maraithe a oibríonn ar bord long a bhfuil calafoirt an Aontais Eorpaigh (AE) á n–úsáid acu agus saobhadh iomaíochta ag longúinéirí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a chomhrac.
  • Féachtar léi le nósanna imeachta a sholáthar chun comhlíonadh long a thugann cuairt ar chalafoirt Bhallstáit AE maidir le Treoir 1999/63/AE a dheimhniú agus a fhorfheidhmiú (féach an achoimre). Tugtar achoimre sa treoir sin ar rialacha ama oibre na maraithe, lena n–áirítear uaireanta oibre, sosanna, saoirí íoctha agus oiriúnacht don obair.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Déanann na Ballstáit, trí chigirí rialaithe stáit calafoirt iniúchtaí ar bord árthaí farraige a thugann cuairt ar a gcalafoirt, beag beann ar an tír ina bhfuil na hárthaí sin cláraithe. Ní thagann báid iascaireachta faoin treoir.
  • Déantar iniúchtaí go háirithe nuair a dhéantar gearán leis an máistir, le ball den fhoireann nó le haon duine nó eagraíocht ag bhfuil leas dlisteanach i bhfeidhmiú sábháilte na loinge, i ndálaí maireachtála agus oibre ar bord nó i dtruailliú a chosc.
  • Faightear amach le linn na n–iniúchtaí cibé:
    • an bhfuil bord ina shonraítear na socruithe oibre ar bord curtha suas in áit éigin a bhfuil sé éasca í a rochtain;
    • an gcoimeádtar taifid de na huaireanta oibre agus sosanna ar bord, agus an bhfuil tacaíocht tugtha ag údarás inniúil na tíre ina bhfuil an long cláraithe do na taifid sin.
  • Má tá cuma an–tuirseach ar na maraithe, déanfar iniúchadh níos mionsonraithe chun a fháil amach an gcloíonn na huaireanta oibre taifeadta leis na rialacháin.
  • Chun dálaí a réiteach ar léir go bhfuil siad dainséarach don tsláinte nó don tsábháilteacht, féadfaidh an Ballstát cosc a chur ar an long imeacht ón gcalafort go dtí go ndéanfar na heasnaimh a réiteach nó go mbeidh sos tógtha ag an bhfoireann.
  • Má chuirtear cosc ar long imeacht ón gcalafort, cuirfear an cinneadh sin, agus na bearta ceartaitheacha riachtanacha, más ann dóibh, in iúl don mháistir, don úinéir, d’oifigeach thír na brataí nó na tíre cláraithe nó d’ionadaí taidhleoireachta.
  • Má chuirtear moill gan ábhar ar long, is féidir le húinéir na loinge cúiteamh a fháil i leith aon chaillteanas nó damáiste a bhaineann leis an moill sin. Bíonn ar úinéir na loinge a chás a chruthú agus bíonn ceart achomhairc in aghaidh coinneála aige freisin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 20 Eanáir 2000 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 30 Meitheamh 2002.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1999 maidir le forálacha a chur i bhfeidhm i leith uaireanta oibre na maraithe a oibríonn ar bord long a mbíonn calafoirt an Chomhphobail á n–úsáid acu (IO L 14, 20.1.2000, lgh. 29-35)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2009/13/CE ón gComhairle an 16 Feabhra 2009 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú arna thabhairt i gcrích ag Cumainn Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa maidir leis an gCoinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006, agus lena leasaítear Treoir 1999/63/CE (IO L 124, 20.5.2009, lgh. 30-50)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/13/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 26.08.2021

Top