RSS
Innéacs A - Z

Bearta sóisialta le haghaidh spriocghrúpaí: míchumas agus seanaois

Beartas fostaíochta agus sóisialta

Réaltacht iltaobhach is ea an míchumas. Bíonn tionchar aige ar dhaoine áirithe ar feadh a saoil agus ar dhaoine eile ag deireadh a saoil amháin. I gcoitinne, ní bhíonn daoine a bhfuil seanaois sroichte acu nó atá buailte ag míchumas comhionann le daoine eile ó thaobh dálaí maireachtála agus oibre de. Lena chois sin, ní mór don Aontas Eorpach aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh déimeagrafach nach bhfacthas a leithéid roimhe seo a mbeidh éifeachtaí móra aige ar an tsochaí ina hiomláine. Ar leibhéal na hEorpa, cabhraíonn na hinstitiúidí leis na Ballstáit sochaí a chruthú a mbeidh teacht ag cách air trí chomhar a neartú leo agus eatarthu agus bailiú, malartú agus próiseáil sonraí inchomparáide, staitisticí agus dea-chleachtas a chur chun cinn.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh