EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cóir chomhionann san fhostaíocht agus san obair

Cuirtear ar bun leis an treoir seo creat ginearálta chun cóir chomhionann san ionad oibre do dhaoine an Aontais Eorpaigh (AE) a chinntiú, is cuma an reiligiún nó an creideamh atá acu, an bhfuil siad faoi mhíchumas, cén aois iad nó cad é a gclaonadh gnéis.

ACHT

Treoir 2000/78/CE an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne maidir leis an bhfostaíocht agus leis an obair.

ACHOIMRE

Féachtar leis an treoir a chinntiú nach ndéantar leithcheal ar dhaoine san ionad oibre a bhfuil reiligiún nó creideamh áirithe acu, a bhfuil siad faoi mhíchumas áirithe, ar aois áirithe iad nó a bhfuil claonadh gnéis áirithe acu, agus go gcaitear go cothrom leo ann.

Cén chineál idirdhealaithe a gcuirtear ina aghaidh sa treoir?

Cuireann an treoir in aghaidh an idirdhealaithe dhírigh (cóir éagsúil de réir tréithe áirithe) agus an idirdhealaithe indírigh (forálacha, critéir nó cleachtais a bhfuil cuma na neodrachta orthu ach atá tugtha do mhíbhuntáiste a chur ar na daoine sna catagóirí thuas, i gcomórtas le daoine eile). Meastar an ciapadh, a chruthaíonn timpeallacht naimhdeach, a bheith ina idirdhealú.

Cé leis nó léi a mbaineann nó nach mbaineann an treoir?

Baineann an treoir le cách, is cuma an bhfuil siad ag obair san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach, maidir leis na nithe seo a leanas:

  • coinníollacha rochtana ar ghníomhaíochtaí fostaithe nó féinfhostaithe, critéir roghnúcháin, coinníollacha earcaíochta agus ardú céime ina measc;
  • an ghairmoiliúint;
  • coinníollacha na fostaíochta agus na hoibre (pá agus dífhostú ina measc);
  • cleamhnacht agus páirtíocht in eagraíocht fostóirí nó oibrithe nó in eagraíocht ar bith eile a nglacann a mbaill páirt i ngairm áirithe.

Ní chumhdaítear sa treoir éagsúlachtaí maidir le cóir bunaithe ar náisiúntacht nó ar íocaíochtaí de chineál ar bith a dhéantar faoi scéimeanna stáit, scéimeanna stáit um leas sóisialta nó um chosaint shóisialta ina measc.

Cad is féidir a dhéanamh chun stop a chur le hidirdhealú?

Tá d’oibleagáid ar Bhallstáit an AE a chinntiú go mbíonn fáil ar nósanna imeachta breithiúnacha agus/nó riaracháin dóibh siúd go léir a mheasann go ndearnadh éagóir orthu toisc nár cuireadh an prionsabal maidir le cóir chomhionann i bhfeidhm ina leith. Bíonn feidhm aige seo fós, fiú más rud é gur tháinig deireadh leis an chaidreamh a líomhnaíodh idirdhealú ina leith. Tá mionsonraí breise maidir le réitigh agus le forfheidhmiú i gCaibidil II den treoir.

Cén chaoi ar féidir cúrsaí a fheabhsú?

De réir tuarascála (COM(2014) 2 final) ar an treoir seo agus ar an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha, is é an príomhdhúshlán ná feasacht a mhúscailt maidir leis an chosaint reatha agus a chinntiú go gcuirfear na treoracha i bhfeidhm go praiticiúil ar bhealach níos fearr.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2000/78/CE

2.12.2000

2.12.2003

IO L 303, 2.12.2000

ACHT GAOLMHAR

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuarascáil comhpháirteach maidir le forfheidhmiú na Treorach 2000/43/CE an 29. Meitheamh 2000 ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm prionsabal na córa comhionainne idir dhaoine, is cuma a mbunadh ciníoch nó eitneach (An Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha) agus na Treorach 2000/78/CE an 27. Samhain 2000 ón gComhairle lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne maidir leis an bhfostaíocht agus leis an obair (An Treoir maidir le Comhionannas Fostaíochta) [COM(2014) 2 final an 17.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Nuashonrú is déanaí: 27.06.2014

Top