EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cláir chun forbairt mhicreamhaoinithe a spreagadh in AE

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoinithe don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta

Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 maidir le Clár AE um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh 283/2010/AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

  • Le Cinneadh Uimh. 283/2010/AE bunaítear Saoráid Mhicreamhaoinithe don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta.
  • Le Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 bunaítear clár AE um fhostaíocht agus um nuálaíocht shóisialta (EaSI) lena bhféachtar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • fás inbhuanaithe agus fadtéarmach agus fostaíocht inbhuanaithe agus fhadtéarmach a sholáthar;
    • éagsúlacht idir tíortha AE a laghdú; agus
    • cuidiú le héagothromaíocht shóisialta a laghdú.
  • Leasaítear leis an rialachán chomh maith Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena gceanglaítear go gcuirfí an t-iarmhéid atá dlite don Aontas Eorpach nuair a éagfaidh an tsaoráid ar fáil do mhicreamhaoiniú* agus do thacaíocht d’fhiontair shóisialta*.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoin gcinneadh, dearadh an tsaoráid seo, a raibh buiséad €100 milliún leis thar thréimhse 4 bliana (2010-2013), chun go mbeadh sé níos éasca do na spriocghrúpaí seo a leanas micreamhaoiniú a rochtain:

  • daoine dífhostaithe, daoine a d’fhéadfadh a bpoist a chailleadh, daoine nach bhfuil ag obair, daoine atá i mbaol an eisiaimh shóisialta agus daoine leochaileacha ar mian leo a micrifhiontair féin a chruthú nó a fhorbairt*;
  • micrifhiontair, go háirithe na micrifhiontair a thugann post dóibh siúd atá liostaithe sa phointe thuas.

Don tréimhse 2014-2020, faoi Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, cuimsíodh an tionscnamh seo i sraith mhicreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta chlár EaSI AE agus tháinig sé in ionad na hionstraime um Micreamhaoiniú don Dul chun Cinn. Le Rialachán (AE, EURATOM) 2018/1046 maidir le rialacha airgeadais lena rialaítear buiséad an Aontais Eorpaigh nuashonraíodh an céatadán táscach is infheidhme ar an meán thar thréimhse iomlán an chlár go dtí na 3 ais*. Mar thoradh air sin, ba cheart 18% ar a laghad den bhuiséad a úsáid le haghaidh micreamhaoinithe agus fiontraíocht shóisialta.

Ní hamháin go gcuidíonn EaSI le spriocphobail agus le fiontair micreamhaoiniú a rochtain, ach féachtar leis chomh maith:

  • cur le hacmhainn institiúideach soláthraithe micrichreidmheasa;
  • rochtain ar mhaoiniú a éascú d’fhiontair shóisialta a bhfuil láimhdeachas nó clár comhardaithe bliantúil nach mó ná €30 milliún acu, trí bhíthin cothromais, cuasachothromais, ionstraimí iasachta agus deontas suas le €500, 000 a chur ar fáil dóibh.

Ar an gcoinníoll go ndeonaíonn siad micreamhaoiniú do dhaoine agus do mhicrifhiontair nó maoiniú d’fhiontair shóisialta, féadfaidh comhlachtaí poiblí agus príobháideacha atá bunaithe i dtíortha AE, san Íoslainn, san Albáin, i Montainéagró, sa Mhacadóin Thuaidh, sa tSeirbia agus sa Tuirc an tsraith mhicreamhaoinithe agus fiontraíochta sóisialta a rochtain. Faightear tacaíochta AE go príomha trí na hionstraimí airgeadais arna soláthar i rialachán airgeadais AE (Rialachán (AE) 2018/1046) lena ndéantar, i measc nithe eile, leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 agus lena nuashonraítear agus lena simplítear na rialacha is infheidhme maidir le buiséad ginearálta AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm leis an gcinneadh ón 8 Aibreán 2010.
  • Tá feidhm leis an rialachán ón 21 Nollaig 2013.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Micreamhaoiniú: iasachtaí dar luach níos lú ná €25,000 a eisítear go príomha chuig gnólachtaí beaga agus fiontraithe sóisialta.
Fiontar sóisialta: oibreoir sa gheilleagar sóisialta arb é a bpríomhchuspóir nó a príomhchuspóir tionchar sóisialta a bheith aige nó aici seachas brabús a dhéanamh dá n-úinéirí nó a ngeallsealbhóirí.
Micrifhiontar: gnólacht ina bhfuil níos lú ná 10 fostaithe agus a bhfuil a láimhdeachas bliantúil (an méid airgid a ghlactar i dtréimhse faoi leith) nó a chlár comhardaithe (ráiteas maidir le sócmhainní agus dliteanais cuideachta) faoi bhun €2 mhilliún.
Aiseanna: tá 3 ais i gclár EaSI. Tacaíonn siad leis an méid seo a leanas:
  • nuachóiriú na mbeartas fostaíochta agus sóisialta (an ais maidir le Dul chun Cinn);
  • soghluaisteacht post (an ais maidir le EURES);
  • rochtain ar mhicreamhaoiniú agus ar fhiontraíocht shóisialta (an ais maidir le micreamhaoiniú agus fiontraíocht shóisialta).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoinithe don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lgh. 1-5)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Uimh. 283/2010/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoinithe don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 238-252)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Nuashonraithe 21.02.2020

Top