EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Oideachas, oiliúint, óige, spórt

education_training_youth

Lena chláir oideachais, oiliúna, óige agus spóirt, tá an ghné Eorpach á forbairt agus á neartú ag an Aontas Eorpach (AE), agus é ag cur soghluaisteacht chun cinn agus ag spreagadh comhar idirnáisiúnta trí chláir Erasmus+ agus an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Tá róil riachtanacha ag an oideachas agus an oiliúint freisin i ngeilleagar eolasbhunaithe, mar aon le beartais don óige agus don spórt. Tacaíonn siad ar fad le téarnamh, fás agus fostaíocht trí theacht chun cinn daonra ardcháilithe, ilchumasaigh agus inoiriúnaithe a spreagadh.

Tacaíonn AE le gníomhaíochtaí Bhallstáit AE agus comhlánaíonn sé iad de réir Airteagal 165 agus Airteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Agus meas iomlán á thabhairt ar fhreagracht na mBallstát as ábhar a theagasc agus as córais oideachais a eagrú, tá an Limistéar Eorpach Oideachais bunaithe ar fhís chomhchoiteann: faoi 2025, ba cheart go mbeadh rochtain ag gach uile dhuine ar oideachas agus oiliúint ardchaighdeáin i bhfíorspás coiteann foghlama Eorpach. Ba cheart go mbeadh foghlaimeoirí agus múinteoirí ábalta bogadh go héasca idir córais oideachais i mBallstáit éagsúla, agus ba cheart go mbeadh cultúr na foghlama ar feadh an tsaoil ina ghnáthrud.

Le paindéim COVID-19 agus an tréimhse fhada um dhúnadh scoileanna, cuireadh béim níos mó ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus ar dheiseanna an oideachais dhigitigh. Leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021–2027, tacaíonn AE le hoiriúnú inbhuanaithe agus éifeachtach chórais oideachais agus oiliúna na mBallstát don ré dhigiteach.