EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Coiste AE um Beartas Eacnamaíoch

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2000/604/CE ón gComhairle — comhdhéanamh agus reachtanna an Choiste um Beartas Eacnamaíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

  • Dearbhaítear leis sainchúraimí, comhdhéanamh, eagrú agus oibriú Choiste um Beartas Eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (AE), coiste a bunaíodh sa bhliain 1974 ar dtús.
  • Tháinig an cinneadh seo i ndiaidh aistriú AE i gcéim dheireanach an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) nuair a bhí rátaí malairte socraithe go neamh-inchúlghairthe agus nuair a tugadh an t-airgeadra aonair, an euro, isteach ar na margaí airgeadraí agus le aghaidh íocaíochtaí leictreonacha.
  • Rinneadh é a leasú ina dhiaidh sin in 2003 chun méadú AE in 2004 a chur san áireamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Obair an choiste

  • Bunaíodh an coiste chun:
    • cuidiú a thabhairt le hobair na Comhairle (agus go sonrach airí Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais AE — Ecofin) maidir le beartais eacnamaíocha agus buiséid AE agus thíortha AE a chomhordú;
    • comhairle a thabhairt don Choimisiún Eorpach;
    • cuid d’obair an Ghrúpa Euro a ullmhú.
  • An coiste:
    • déanann sé anailísí eacnamaíocha;
    • cuireann sé tuairimí ar mhodheolaíochtaí i láthair;
    • stiúrann sé ullmhú obair na Comhairle maidir leis an Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear ceapadh moltaí beartais do thíortha AE bunaithe ar dhréachtaí an Choimisiúin;
    • ceapann sé moltaí beartais, amhail na treoirlínte ginearálta maidir le beartais eacnamaíocha atá deartha chun feabhas a chur ar chruthú post agus acmhainneacht fáis AE;
    • cuireann sé le faireachas iltaobhach na mbeartas náisiúnta eacnamaíoch trí athbhreithnithe rialta a dhéanamh ar athchóirithe struchtúracha thíortha AE;
    • soláthraíonn sé comhairle bheartais maidir le cuid den phlean infheistíochta don Eoraip a bhfuil sé d’aidhm leis deireadh a chur le bacainní ar infheistíocht ar bhonn náisiúnta agus ar leibhéal AE araon.
  • Go sonrach, díríonn an coiste ar na nithe seo a leanas:
    • oibriú mhargaí earraí, caipitil, seirbhísí agus saothair AE, lena n-áirítear forbairtí i bpá, i dtáirgiúlacht, i bhfostaíocht agus in iomaíochas;
    • ról agus éifeachtúlacht na hearnála poiblí agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach airgid phoiblí;
    • impleachtaí uile-gheilleagair beartas faoi leith, amhail na beartais a bhaineann leis an gcomhshaol, le taighde agus forbairt agus le comhtháthú sóisialta.
  • Tacaíonn an coiste le hobair an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. Is éard atá i gceist leis sin, i measc nithe eile, monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí maicreacnamaíocha gearrthéarmacha agus meántéarmacha ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Soláthraíonn sé anailís agus tuairimí maidir leis an idirghníomhaíocht idir beartais struchtúracha gus mhaicreacnamaíocha agus maidir le forbairtí pá.
  • Feidhmíonn sé mar fhóram chomh maith le haghaidh plé maicreacnamaíoch teicniúil leis an mBanc Ceannais Eorpach (BCE), leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, leis an gCoiste Fostaíochta, leis an gCoimisiún agus le comhpháirtithe sóisialta.

Comhdhéanamh agus feidhmiú

  • Tá beirt ionadaithe ann ó gach tír AE, agus beirt ionadaithe ón gCoimisiún agus beirt ionadaithe ó BCE.
  • Nuair a thagann an coiste le chéile ina fhoirm mar an Grúpa Euro, cuimsítear ann ionadaithe an Choimisiúin, BCE agus na dtíortha sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.
  • Toghtar uachtarán gach 2 bhliain agus tacaíonn rúnaíocht le hobair an choiste.
  • Tá na cruinnithe faoi rún ach cuirtear tuarascálacha agus tuairimí ar fáil don phobal de ghnáth.
  • I gcás go bhfuil tuairimí nó tuarascálacha an choiste faoi réir vóta, ní mór d’fhormhór na gcomhaltaí iad a ghlacadh. Ní mór don choiste dearcthaí mionlaigh nó easaontacha a thuairisciú chomh maith i rith a phlé.
  • I gcás go mbaineann tuarascálacha le ceisteanna faoina bhféadfadh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh ina dhiaidh sin, ní féidir le comhaltaí ó na bainc cheannais nó ón gCoimisiún páirt a ghlacadh sa vóta.
  • Tá roinnt grúpaí oibre curtha ar bun ag an gcoiste a dhéanann scrúdú ar cheisteanna sonracha:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 12 Deireadh Fómhair 2000.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2000/604/EC ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2000 maidir le comhdhéanamh agus reachtanna an Choiste um Beartas Eacnamaíoch (IO L 257, 11.10.2000, lgh. 28-31)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2000/604/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 11.04.2017

Top