RSS
Innéacs A - Z

An Afraic Theas

Forbairt

Ba sna 1990idí go príomha a d’fhorbair an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Theas, go háirithe laistigh de chreat an chúnaimh fhorbartha. Páirtí tábhachtach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an Afraic Theas i gcónaí toisc an ról atá aici ar an leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an domhain.

Is é an Comhaontú maidir le Trádáil, Forbairt agus Comhar (CTFC) an príomhchreat le haghaidh caidrimh idir an dá pháirtí agus daingnítear é ag cineálacha éagsúla comhair earnála. Lena chois sin, tá ballraíocht choinníollach ag an Afraic Theas i gComhaontú Cotonou (2000).

Féach leis

  • Comhaontuithe idirnáisiúnta (EN)
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh