Na tíortha is lú forbairt (LDC)
Ceann de chuspóirí an Aontais Eorpaigh is ea an fhorbairt dhomhanda ar bhonn cothrom agus díríonn sé go háirithe ar na tíortha is mó atá i mbaol. Glacann an tAontas páirt i dtionscnaimh idirnáisiúnta chun cabhrú leis na tíortha seo agus cuireann sé ionstraimí an Aontais ar fáil dóibh.
Dírítear tionscnaimh áirithe ar na tíortha is lú forbairt (LDC), arb é na Náisiúin Aontaithe a thiomsaíonn a liosta. Dírítear tionscnaimh eile ar thíortha bochta i bhfiacha móra (HIPC) agus soláthraíonn siad faoiseamh ó fhiachas faoi choimirce an Bhainc Dhomhanda agus an Chiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta.



