RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Custaim

Custaim

Dúshraith riachtanach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) is ea an tAontas Custaim, arb é is phríomhthréith ann easpa teorainneacha inmheánacha, agus a bhfuil feidhm aige maidir le gach trádáil earraí (Airteagal 28 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)). Tá cosc ar dhleachta custaim ar allmhairí agus ar onnmhairí idir Bhallstáit, agus ar tháillí a bhfuil an éifeacht chéanna leo. Ag teorainneacha seachtracha, cuirtear an Chomhtharaif Chustaim, mar aon le Taraif Comhtháite an Chomhphobail (TARIC), i bhfeidhm ar earraí ó thríú tíortha. Earraí a ghluaiseann go neamhshrianta tríd an Aontas, géilleann siad do rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus d’fhorálacha áirithe den Chomhbheartas Tráchtála. Lena chois sin, cinntíonn ionstraimí ar nós Chód Custaim an Chomhphobail go gcuireann údaráis chustaim na mBallstát na caighdeáin i bhfeidhm go haonfhoirmeach.
Bunaíodh an tAontas Custaim, arna thionscnamh ag Conradh na Róimhe sa bhliain 1957, an 1 Iúil 1968. Tá oiriúnú déanta ar a meicníochtaí le himeacht aimsire i dtreo na nuatheicneolaíochtaí agus chun breis slándála, go háirithe cosaint in aghaidh an ghóchumtha agus na píoráideachta, a chinntiú.

Féach leis

  • Eolais breise: Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim (DE) (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
  • Comhaontuithe idirnáisiúnta (EN)
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh