RSS
Innéacs A - Z

Cultúr

Cultúr

Chuir Conradh Maastricht (1993) ar chumas an Aontais Eorpaigh (AE), atá dírithe go stairiúil ar an eacnamaíocht agus ar an trádáil, dul i mbun gníomhaíochta i réimse an chultúir chun an cultúr san Eoraip a choimirciú, a scaipeadh agus a fhorbairt. Mar sin féin, tá ról an AE teoranta do chomhar a chur chun cinn idir oibreoirí cultúrtha na dtíortha éagsúla AE nó do chomhlánú a gcuid gníomhaíochtaí chun rannchuidiú le bláthú chultúir thíortha an AE, agus a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach á gcur san áireamh, ar mhaithe le haird a dhíriú ar an oidhreacht chultúrtha atá acu i bpáirt. Chuige sin, feidhmíonn an AE bearta chun tacú le tionscnaimh chultúrtha, an Clár Cultúir agus Tionscnamh Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, mar shampla.

Féach leis

  • Forbhreathnú ar an Aontas Eorpach: Cultúr
  • Suíomh Gréasáin an Chultúir (DE) (EN) (FR) d'Ard-Stiúrthóireacht an Oideachais agus an Chultúir (DE) (EN) (FR) de chuid an Choimisiúin Eorpaigh
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh