EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ráthaíochtaí táirge le haghaidh tomhaltóirí

Tá d’oibleagáid ar na trádálaithe atá ag díol earraí tomhaltais san Aontas Eorpach (AE) lochtanna a réiteach a bhí ann ag an am seachadta, agus a thagann chun cinn laistigh de 2 bhliain. Cuirtear íosleibhéal cosanta ar fáil do thomhaltóirí faoi rialacha AE, go háirithe nuair a theipeann ar na hearraí cloí le caighdeáin shonraithe.

GNÍOMH

Treoir 99/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le gnéithe áirithe d’earraí tomhaltais a dhíol agus maidir le ráthaíochtaí gaolmhara

ACHOIMRE

Tá d’oibleagáid ar na trádálaithe atá ag díol earraí tomhaltais san Aontas Eorpach (AE) lochtanna a réiteach a bhí ann ag an am seachadta, agus a thagann chun cinn laistigh de 2 bhliain. Cuirtear íosleibhéal cosanta ar fáil do thomhaltóirí faoi rialacha AE, go háirithe nuair a theipeann ar na hearraí cloí le caighdeáin shonraithe.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Faoin treoir seo, déantar na rannáin den dlí conartha tomhaltóirí maidir le hearraí a dhíol a chomhchuibhiú, a bhaineann le ráthaíochtaí dlíthiúla* agus, níos annaimhe, le ráthaíochtaí tráchtála* (barántaí).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do na díoltóirí earraí a dhíol a chloíonn leis an gconradh díolacháin.
  • Chun cloí leis an gconradh díolacháin, ní mór earraí a chur ar fáil:
    • a chloíonn leis an tuairisc díolacháin;
    • atá oiriúnach don fheidhm bheartaithe;
    • agus a léiríonn caighdeán agus feidhmíocht lena bhfuiltear ag súil leo.
  • Bíonn na díoltóirí freagrach as aon suiteáil mhícheart más cuid den chonradh í. Bíonn feidhm aige seo cibé an ndéantar an obair ag an díoltóir nó an gcuireann an díoltóir treoracha míchearta ar fáil don tomhaltóir.
  • Tá an ceart ag tomhaltóirí iarraidh ar an díoltóir earraí lochtacha a dheisiú nó a athsholáthar saor in aisce laistigh de thréimhse ama réasúnta agus gan cur isteach go mór orthu. Is féidir leo laghdú cuí ar an bpraghas a lorg má theipeann ar an díoltóir an t-earra lochtach a dheisiú nó a athsholáthar in am nó má chuirtear isteach go mór orthu.
  • Má shocraítear go bhfuil fadhb leis na hearraí féin, féadfaidh díoltóirí, atá faoi dhliteanas as na hearraí a dhíoltar leis an tomhaltóir, an dlí a chur ar na táirgeoirí.
  • Bíonn na díoltóirí freagrach as aon lochtanna a thagann chun cinn laistigh de 2 bhliain ón dáta a dhíoltar a t-earra. Ach féadfaidh na tíortha AE iarraidh ar na tomhaltóirí na lochtanna sin a chur in iúl don díoltóir nach mó ná 2 mhí ón dáta a thugtar na lochtanna sin faoi deara.
  • Ní mór cearta ráthaíochta dlíthiúla an cheannaitheora a shonrú i ráthaíochtaí tráchtála agus iad scríofa i dteanga shoiléir intuisceana. Féadfaidh tomhaltóirí iarraidh ar an díoltóir ráthaíocht scríofa a chur ar fáil.
  • Féadfaidh tíortha AE cinneadh a dhéanamh chun earraí athláimhe a chuirtear ar ceant a eisiamh ón reachtaíocht.
  • Ní bhaineann an treoir le huisce, le gás, le leictreachas ná le hearraí a dhíoltar ar ordú forghníomhaithe nó ag údarás dlíthiúil.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Ráthaíocht dhlíthiúil: an chosaint dhlíthiúil a chuirtear ar fáil don tomhaltóir má cheannaíonn sé nó sí earraí lochtacha. Ní bhraitheann an ráthaíocht seo ar choinníollacha conartha.

* Ráthaíocht thráchtála: nuair atá an ráthóir (an táirgeoir go minic) sásta glacadh le dliteanas pearsanta as lochtanna áirithe laistigh de thréimhse ama áirithe.

Féach díolacháin agus ráthaíochtaí ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 99/44/CE

7.7.1999

1.1.2002

IO L 171, 7.7.1999, lgh. 12-16

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2011/83/AE

12.12.2011

13.12.2013

IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64-88

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí a chur i bhfeidhm (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lgh. 1-11).

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64-88).

Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhchuibhiú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin de chuid na mBallstát a bhaineann le dliteanas as táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lgh. 29-33).

Nuashonraithe 09.09.2015

Top