EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha caighdeánacha AE maidir le ríomhthráchtáil

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/31/CE — ríomhthráchtáil in AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Faoin treoir seo, cuirtear rialacha caighdeánacha ar bun san Aontas Eorpach (AE) maidir le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le ríomhthráchtáil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaíonn an treoir seirbhísí ar líne, lena n-áirítear:

  • seirbhísí nuachta (amhail láithreáin ghréasáin nuachta);
  • díol (leabhair, seirbhísí airgeadais, seirbhísí taistil, srl.);
  • fógraíocht;
  • seirbhísí gairmiúla (dlíodóirí, dochtúirí, gníomhairí eastáit);
  • seirbhísí siamsaíochta;
  • bunseirbhísí idirmheánacha (seirbhísí Idirlín, óstáil agus tarchur faisnéise);
  • seirbhísí saor in aisce a mhaoinítear le fógraíocht, le hurraíocht, srl.

Leagtar amach sa treoir an prionsabal nach ndéantar rialú ar oibreoirí na seirbhísí sin (maidir le húsáid agus le lorg na seirbhísí) ach sa tír AE ina bhfuil a gceanncheathrú cláraithe — ní dhéantar rialú orthu sa tír AE ina bhfuil a gcuid freastalaithe, seoltaí ríomhphoist nó boscaí poist.

Ní mór do rialtais náisiúnta a chinntiú go ndéanann oibreoirí faisnéis bhunúsach a fhoilsiú, i bhformáid bhuan inrochtana, faoina gcuid gníomhaíochtaí (ainm, seoladh, uimhir chláraithe trádála, srl.).

Fógraíocht

Ní mór do rialtais náisiúnta a chinntiú go leantar rialacha áirithe maidir le fógraíocht:

  • is soiléir go bhfuil fógraíocht i gceist;
  • is féidir an duine nó an chuideachta atá freagrach as an bhfógra a aithint go soiléir;
  • is féidir tairiscintí, cluichí nó comórtais bholscaireachta a aithint go soiléir; agus tá na coinníollacha inrochtana go héasca agus curtha i láthair i dtéarmaí soiléire simplí.

Turscar

Ní mór a bheith ábalta ríomhphost neamhiarrtha (“turscar”) a aithint go soiléir freisin. Ní mór do chuideachtaí a sheolann ríomhphoist turscair amach breathnú go rialta ar “chláir dhíliostála” agus cloí leis na cláir sin. Is féidir le daoine nach mian leo ríomhphoist dá leithéid a fháil a n-ainmneacha a chur síos ar na cláir sin.

Conarthaí ar líne

Ní mór an stádas dlíthiúil céanna a thabhairt do chonarthaí leictreonacha is a thugtar do chonarthaí páipéir i ngach tír AE.

Ní mór na rudaí seo a leanas a bheith mínithe go soiléir freisin, i dtéarmaí soiléire intuigthe, sna conarthaí sin:

  • na céimeanna teicniúla atá le leanúint ag tomhaltóirí chun an conradh a chur i gcrích;
  • cibé an ndéanfar an conradh a chomhdú ag soláthraí na seirbhíse agus cibé an mbeidh tomhaltóirí ábalta amharc air níos déanaí;
  • conas is féidir le tomhaltóirí earráidí clóscríofa a aithint agus a cheartú sula gcuirfidh siad ordú isteach;
  • na teangacha inar féidir an conradh a shíniú.

Ní mór do thomhaltóirí a bheith ábalta conarthaí agus coinníollacha ginearálta a shábháil agus a phriontáil.

Féach freisin Treoir 2011/83/AE maidir le cearta tomhaltóirí.

Orduithe ar líne

Cuirtear na ceanglais seo a leanas i bhfeidhm maidir le horduithe ar líne:

  • ní mór do sholáthraí na seirbhíse a dheimhniú go leictreonach (ríomhphost, ríomhtheachtaireacht eile) agus gan mhoill mhíchuí go bhfuarthas an t-ordú;
  • meastar go bhfuarthas an t-ordú (nó deimhniú fáltais) nuair is féidir leis an díoltóir (tomhaltóir) é a rochtain.

Féach freisin Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe.

An reachtaíocht reatha a fhorghníomhú

Spreagtar féinrialú ag oibreoirí agus iarrachtaí comhrialála le rialtais sa treoir, mar shampla:

  • cóid iompair ar leibhéal AE;
  • córais ar líne maidir le malairt modhanna chun díospóidí a réiteach, go háirithe mura bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir sa tír chéanna.

Ní mór do thíortha AE fadhbanna dlíthiúla ar líne a réiteach go tapa agus go héifeachtúil agus pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm.

Dliteanas na soláthraithe seirbhíse

Na soláthraithe seirbhísí ar líne a ghníomhaíonn mar sholáthraithe seirbhísí bealaigh, taiscthe nó óstála, ní bhíonn siad freagrach as an bhfaisnéis a tharchuirtear nó a óstáiltear, má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Bíonn soláthraithe seirbhísí óstála díolmhaithe ó dhliteanas fad agus nach bhfuil:

  • aon eolas acu ar ghníomhaíocht ná ar fhaisnéis neamhdhlíthiúil; agus
  • má chuirtear ar an eolas iad faoin ngníomhaíocht nó faisnéis sin, fad agus a chuirtear beart i bhfeidhm acu ar an bpointe chun rochtain ar an bhfaisnéis a bhaint nó a dhíchumasú.

Ní féidir le rialtais náisiúnta aon oibleagáid ghinearálta mhonatóireachta a fhorchur ar na “hidirghabhálaithe” sin mar gheall ar an bhfaisnéis a sheolann siad agus a stórálann siad, chun gníomhaíocht neamhdhlíthiúil a chuardach agus a chosc.

CÚLRA

Treoir maidir le ríomhthráchtáil.

GNÍOMH

Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlíthiúla de sheirbhísí sochaí faisnéise, go háirithe an ríomhthráchtáil, sa Mhargadh Inmheánach (“Treoir maidir le ríomhthráchtáil”)

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2000/31/CE

17.7.2000

16.1.2002

IO L 178, 17.7.2000, lgh. 1–16

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a chur i bhfeidhm (an Rialachán maidir le comhar ar mhaithe le cosaint tomhaltóirí) (IO L 364, 9.12.2004, lgh. 1–11)

Nuashonraithe 13.10.2015

Top