RSS
Innéacs A - Z

Cosaint leasanna eacnamaíocha agus dlíthiúla tomhaltóirí

Tomhaltóirí

Tá rialacha leagtha síos ag an Aontas Eorpach chun leasanna eacnamaíocha agus sóisialta tomhaltóirí a chosaint le linn a dteagmhála le gairmithe agus i gcás díospóidí.
I measc bhearta sonracha an AE, tá cosc ar chleachtais mhíchothroma trádála, éascaíocht do réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt agus do réiteach éileamh beag, agus nósanna imeachta um fhoirceannadh sáruithe a chomhchuibhiú ar mhaithe le leasanna tomhaltóirí. Lena chois sin, tá gréasán Eorpach faisnéise agus gréasán d'údaráis náisiúnta curtha ar bun aige chun a chinntiú go bhfeidhmítear reachtaíocht tomhaltóirí go héifeachtach.
Tá iarrachtaí ar cois ag an AE chun slándáil dhlíthiúil a athneartú trí na rialacha a bhaineann le hidirghníomhaíochtaí áirithe a chomhchuibhiú, idirghníomhaíochtaí mar an tráchtáil leictreonach agus cineálacha áirithe conarthaí, le cois na rialacha a bhaineann le hearnálacha sonracha, ar nós an iompair agus seirbhísí airgeadais.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh