EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Íocaíochtaí trasteorann in euro

Is é is aidhm leis an limistéar aonair d’íocaíochtaí euro (SEPA) a chinntiú go mbeidh sé chomh héasca ríomhíocaíochtaí a dhéanamh tríd an limistéar euro ar fad agus atá sé íocaíochtaí airgid thirim a dhéanamh agus nach mbeidh muirir bhreise i gceist nuair a dhéantar ríomhíocaíocht in euro i dtír Eorpach (AE) eile.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 924/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le íocaíochtaí trasteorann sa Chomhphobal agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2560/2001.

ACHOIMRE

Is é is aidhm leis an limistéar aonair d’íocaíochtaí euro (SEPA) a chinntiú go mbeidh sé chomh héasca ríomhíocaíochtaí a dhéanamh tríd an limistéar euro ar fad agus atá sé íocaíochtaí airgid thirim a dhéanamh agus nach mbeidh muirir bhreise i gceist nuair a dhéantar ríomhíocaíocht in euro i dtír Eorpach (AE) eile.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Ceanglaítear sna rialacha ar bhainc na muirir chéanna a ghearradh as idirbhearta in euro a dhéantar ar bhonn trasteorann, idir dhá thír Eorpacha, agus as idirbhearta ríomhíocaíochta comhfhreagracha* in euro a dhéantar ar bhonn náisiúnta, laistigh den tír Eorpach chéanna.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirítear ar idirbhearta ríomhíocaíochta aistrithe creidmheasa, dochair dhíreacha, aistarraingtí as uathmheaisíní bainc, íocaíochtaí le cártaí dochair agus creidmheasa, agus aistrithe airgid thirim.

Ní mór na híocaíochtaí a dhéanamh in euro nó in airgeadra náisiúnta thíortha AE ar mian leo an Rialachán a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, i ndiaidh iarratas a fháil ón tSualainn, beidh feidhm ag an bprionsabal um chomhionannas muirear maidir le híocaíochtaí a dhéantar in kronor na Sualainne.

I dtéarmaí praiticiúla, ní mór do bhainc uimhir idirnáisiúnta chuntas bainc (IBAN) a sholáthar dá chliaint a úsáidfear agus idirbhearta ríomhíocaíochta trasteorann á ndéanamh. Ní mór do bhainc cód aitheantais bainc (BIC) a thabhairt dóibh fosta. Dá bhrí sin ní chosnaíonn na haistrithe sin níos mó ná aistrithe a dhéantar laistigh den tír chéanna.

Comhlíonadh oibleagáidí

Mura gcloíonn banc leis na rialacha muirir, is féidir lena chustaiméirí nó le páirtí leasmhara ar bith gearán a chur isteach chuig an údarás náisiúnta.

Lena chinntiú go ndéanfar díospóidí a thagann chun cinn idir bainc agus custaiméirí a réiteach, ní mór do thíortha AE nósanna imeachta éifeachtúla gearán agus cúitimh lasmuigh den chúirt a bhunú. D’fhéadfaí pionóis a ghearradh i gcás sáruithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 1 Samhain 2009.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Íocaíochtaí comhfhreagracha: íocaíochtaí ag a bhfuil tréithe comhchosúla, amhail an tsuim chéanna, an modh íocaíochta - m.sh. le UMB (uathmheaisín bainc), ar líne srl. - nó an uirlis íocaíochta a úsáidtear - cártaí, seiceanna, dochair dhíreacha nó aistrithe creidmheasa.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 924/2009

1.11.2009

-

IO L 266, 9.10.2009, lgh. 11-18

Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 260/2012

31.3.2012

-

IO L 94, 30.3.2012, lgh. 22-37

Rialachán (AE) Uimh. 248/2014

21.3.2014

-

IO L 84, 20.3.2014, lgh. 1-3

Nuashonrú is déanaí: 19.06.2015

Top