RSS
Innéacs A - Z

Tomhaltóirí

Tomhaltóirí

Leath 1 000 milliún tomhaltóir féideartha atá i 27 dtír an Aontais Eorpaigh. Tá bearta forbartha de réir a chéile ag na Ballstáit a fhéachann le cosaint a thabhairt do leasanna sonracha na dtomhaltóirí sin a bhfuil ról ríthábhachtach eacnamaíoch agus polaitiúil acu sa tsochaí. Ó lár na 1970í i leith, tá iarracht ar cois ag an AE chun na bearta náisiúnta sin a chomhchuibhiú ar mhaithe leis an ardleibhéal cosanta céanna a ráthú do shaoránaigh Eorpacha ar fud an mhargaidh aonair.
Féachann an beartas Eorpach ar son tomhaltóirí le sláinte, sábháilteacht agus leasanna tomhaltóirí a chosaint, faoi mar atá leagtha amach in Airteagal 169 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é cúram an bheartais seo cearta tomhaltóirí ar fhaisnéis agus ar oideachas a chur ar aghaidh, mar aon lena gceart ar eagrú chun a leasanna a chosaint.

Féach leis

  • Gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh: Tomhaltóirí (DE) (EN) (FR)
  • Breis eolais ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh Ard-Stiúrthóireacht na Sláinte agus na dTomhaltóirí (DE) (EN) (FR)
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh