Tomhaltóirí: creat ginearálta agus tosaíochtaí
Tá creat dlí ar leith bunaithe ag an Aontas Eorpach chun leasanna tomhaltóirí a chosaint. Chun na húdair imní is déanaí dá bhfuil ag saoránaigh Eorpacha a chur san áireamh, rinneadh athchóiriú iomlán sa bhliain 2007 ar na tosaíochtaí polaitiúla sa réimse seo, nuair a glacadh straitéis ghníomhaíochta agus clár maoinithe a chosnóidh EUR 160 milliún, nó geall leis. Forlíonadh ar an gcreat seo ab ea ábhar treorach i dtaobh an mhargaidh inmheánaigh.



