RSS
Innéacs A - Z

Faisnéis tomhaltóirí

Tomhaltóirí

Toisc chinniúnach do thomhaltóirí is ea faisnéis agus roghanna á ndéanamh acu agus tá tionchar aici ar leasanna tomhaltóirí agus ar a muinín sna táirgí agus seirbhísí atá i gcúrsaíocht sa mhargadh inmheánach.
Laistigh den Aontas Eorpach, tá teacht ag tomhaltóirí ar raon ionstraimí agus gréasán a sholáthraíonn faisnéis iontaofa dóibh agus a chabhraíonn leo aon deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu sa mhargadh inmheánach a réiteach. Tá roinnt rialacha ann chomh maith chun tomhaltóirí a chosaint má dhéanann siad gnó le gnóthais a úsáideann cleachtais mhíchothroma trádála nó fógraíocht mhíthreorach.

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh