EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Iomaíocht

competition

Eochaireilimint de gheilleagar margaidh oscailte is ea an tsaoriomaíocht. Spreagann sé feidhmíocht eacnamaíoch agus tairgeann sé do thomhaltóirí rogha níos leithne táirgí agus seirbhísí ar chaighdeán níos fearr agus ar phraghsanna níos iomaíche.

Cinntíonn beartas iomaíochta an Aontais Eorpaigh nach saobhtar iomaíocht sa mhargadh inmheánach trína chinntiú go bhfuil rialacha comhchosúla i bhfeidhm maidir le gach cuideachta atá ag oibriú laistigh de. Leagtar síos i dTeideal VII, Caibidil 1 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an bonn le rialacha an Chomhphobail ar iomaíocht.

Ní cheadaítear cúnamh stáit faoin Chonradh, ach bíonn ann d’eisceachtaí toisc go mb’fhéidir go mbeadh údar le cúnamh dá leithéid, mar shampla, mar gheall ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne. Ní mór a thaispeáint nach saobhtar iomaíocht ar chaoi a bheadh in aghaidh an leasa phoiblí.