EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte maidir le fíneálacha a shocrú

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlíne maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú de dhroim Rialachán Uimh. 1/2003

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

  • Leagtar amach leo an mhodheolaíocht a úsáidfidh an Coimisiún Eorpach agus fíneálacha ar ghnóthais* á socrú aige a sháraíonn rialacha iomaíochta AE lena gcuirtear cosc ar:
    • cairtéil* agus cleachtais shriantacha ghnó eile (sean-Airteagal 81 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE), Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — CFAE anois) agus
    • mí-úsáidí ceannasachta (sean-Airteagal 82 CEE, Airteagal 102 CFAE anois).

PRÍOMHPHOINTÍ

Le Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (féach an achoimre), bunaithe ar Airteagal 103 CFAE (sean-Airteagal 83), tugtar cumhachtaí don Choimisiún na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú agus fíneálacha a ghearradh ar chuideachtaí as sáruithe. Leis na treoirlínte, a cuireadh in ionad na dtreoirlínte roimhe seo a glacadh in 1998, forchuirtear fíneálacha níos doichte ar ghnólachtaí a sháraíonn rialacha AE lena gcuirtear cosc ar chairtéil agus ar chleachtais shriantacha ghnó eile.

Léirítear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 go socrófar fíneálacha i ndáil le tromchúis agus fad an tsáraithe. Féadfaidh na fíneálacha bheith chomh ard le 10% de láimhdeachas domhanda an ghrúpa chorparáidigh ar leis an gcuideachta a bhfuil an sárú á dhéanamh aici é sa bhliain ghnó roimhe sin.

Lena chuspóirí maidir le fíneálacha a fhorchur a bheidh ard go leor chun na gnólachtaí lena mbaineann a phionósú agus chun cinn eile a dhíspreagadh ó chleachtais lena sáraítear na rialacha iomaíochta, cuireann an Coimisiún tosca áirithe san áireamh amhail na cinn seo a leanas:

  • luach dhíolacháin na n–earraí agus na seirbhísí lena mbaineann an sárú;
  • fad an tsáraithe — caithfidh an fhíneáil teacht le líon na mblianta a raibh páirt á glacadh ag gnólacht sa sárú lena linn chun cuntas a thabhairt go cuí ar a thionchar ar an margadh;
  • tromchúis an tsáraithe, go háirithe trí thagairt do shaghas agus do chineál an iompair a sháraíonn na rialacha agus tosca áirithe eile;
  • tosca a bhaineann go sonrach le cuideachtaí aonair lena bhféadfaí údar a thabhairt d’fhíneáil a mhéadú nó a laghdú.

Modheolaíocht dhá chéim

Maidir leis an gCoimisiún:

  • 1.

    socraíonn sé suim bhunúsach fíneála do gach gnóthas nó cumann gnóthas; agus

  • 2.

    féadfaidh sé an tsuim bhunúsach sin a choigeartú suas nó síos.

Suim bhunúsach na fíneála

  • Déantar an tsuim bhunúsach a ríomh mar chéatadán de luach na ndíolachán a bhaineann leis an sárú, méadaithe faoi líon na mblianta ina raibh an sárú á dhéanamh.
  • Socraítear céatadán luach na ndíolachán de réir thromchúis an tsáraithe (saghas, sciar na bpáirtithe lena mbaineann den mhargadh le chéile, raon feidhme geografach, etc.) agus d’fhéadfadh sé bheith chomh ard le 30%. Maidir le cairtéil, atá i measc na srianta is díobhálaí ar an iomaíocht, socrófar céatadán na tromchúise sa leath uachtair den raon (15% ar a laghad).
  • Féadfaidh an Coimisiún suim bhreise a chur leis an ríomh tosaigh sin agus cuirfear i bhfeidhm ar gach cás cairtéil í agus, faoi lánrogha an Choimisiúin, ar sháruithe eile. Beidh sé sin idir 15% agus 25% de luach na ndíolachán bliantúil, beag beann ar fhad an tsáraithe. Tugtar an “táille iontrála” air sin agus tá sé beartaithe go ndíspreagfaidh sé gnólachtaí eile ó dhul i mbun cleachtais neamhdhleathacha fiú ar feadh tréimhse ghairid.

Coigeartuithe ar shuim bhunúsach na fíneála

  • Féadfaidh an Coimisiún an tsuim bhunúsach a choigeartú le haghaidh gnóthais aonair; síos má fhaigheann sé go bhfuil imthosca maolaitheacha i gceist, nó suas i gcás imthosca géaraitheacha i gceist.
  • Gearrtar fíneálacha níos troime ar athchiontóirí. D’fhéadfaí méadú 100% a dhéanamh ar an bhfíneáil ar ghnólachtaí a athchiontaíonn as sáruithe a dhéanamh san am a chuaigh thart.
  • Lena áirithiú go mbeidh éifeacht dhóthanach bhactha le fíneálacha, féadfaidh an Coimisiún méadú a dhéanamh ar fhíneáil a cuireadh i bhfeidhm ar ghnóthas a bhfuil láimhdeachas grúpa an-mhór aige nach mbaineann le luach na ndíolachán a bhaineann leis an sárú.
  • Ní dhéantar difear leis na treoirlínte maidir le fíneálacha a shocrú do chur i bhfeidhm rialacha trócaire AE, lenar féidir fíneálacha do ghnóthais a thuairiscíonn a rannpháirtíocht i gcairtéal agus a chomhoibríonn le himscrúdú an Choimisiúin a laghdú, nó díolúine a dheonú uathu.
  • Féadfar fíneálacha a laghdú tuilleadh de bhun bheartas an Choimisiúin maidir le socraíochtaí cairtéil nó, i sáruithe seachas cairtéil, ar bhonn comhoibriú éifeachtach agus admháil an tsáraithe arna dhéanamh ag an ngnóthas (na gnóthais).
  • Socraítear an fhíneáil uasta do gach gnólacht ag 10% dá láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin (Rialachán (CE) Uimh. 1/2003).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREOIRLÍNTE?

Tá feidhm leo ón 1 Samhain 2006.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Gnóthas: meastar gur gnóthas é eintiteas ar bith atá i mbun gníomhaíocht eacnamaíoch — gníomhaíocht ina gcuimsítear earraí nó seirbhísí a thairiscint ar mhargadh ar leith — beag beann ar a stádas dlíthiúil agus ar an dóigh a maoinítear é.
Cairtéal: is éard is cairtéal ann grúpa cuideachtaí neamhspleácha comhchosúla a thagann le chéile chun praghsanna a shocrú, chun táirgeadh a theorannú nó chun margaí nó custaiméirí a roinnt eatarthu féin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoirlínte maidir leis an modh chun fíneálacha a shocrú arna bhforchur de bhun Airteagal 23(2)(a) de Rialachán Uimh. 1/2003 (IO C 210, 1.9.2006, lgh. 2-5)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 103 (sean-Airteagal 83 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 89-90)

Fógra ón gCoimisiún maidir le Díolúine ó fhíneálacha agus fíneálacha a laghdú i gcásanna cairtéil (IO C 298, 8.12.2006, lgh. 17-22)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 29.05.2020

Top