EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte maidir le coincheap na héifeachta ar thrádáil

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte maidir le coincheap na héifeachta ar thrádáil atá cuimsithe in Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

CAD IS AIDHM LEIS NA TREOIRLÍNTE?

  • Le hAirteagal 101 CFAE (sean–Airteagal 81 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE)) cuirtear cosc ar chairtéil* agus iompar lena gcuirtear cosc nó srian ar an iomaíocht nó lena saobhtar an iomaíocht (comhaontuithe ingearacha* agus comhaontuithe cothrománacha*) le heisceachtaí áirithe (arna sainiú faoin Airteagal 101(3)).
  • Le hAirteagal 102 CFAE (sean–Airteagal 82 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (CCE)) cuirtear cosc ar mhí–úsáidí cuideachtaí as ceannasacht.
  • Ní bheidh an dá airteagal i bhfeidhm ach i gcás gur féidir a dhearbhú gur féidir dul i gcion go suntasach ar thrádáil idir tíortha AE leis na comhaontuithe agus leis na cleachtais.
  • Leis na Treoirlínte seo ón gCoimisiún féachtar leis an modheolaíocht lena gcuirtear i bhfeidhm coincheap na héifeachta ar thrádáil idir tíortha AE maidir le cásanna iomaíochta a leagan amach agus a mhíniú, rud a léireoidh an cás–dlí arna thabhairt ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • I gcás Airteagal 101 CFAE, más féidir dul i gcion go suntasach ar thrádáil idir tíortha AE leis an gcomhaontú ina iomláine, beidh an comhaontú ar fad faoi réir dhlí AE, lena n–áirítear codanna ar bith den chomhaontú nach dtéann i gcion ina n–aonar ar thrádáil idir tíortha AE. I gcás go gclúdaítear roinnt gníomhaíochtaí sa chaidreamh conarthach idir na páirtithe céanna, ní mór dóibh bheith nasctha go díreach, chun bheith ina gcuid den chomhaontú céanna, agus ní mór dóibh bheith ina gcuid dhílis den socrú gnó foriomlán céanna. Mura gclúdaítear, beidh gach gníomhaíocht ina comhaontú ar leith.
  • I gcás Airteagal 102 CFAE, is í an mhí–úsáid a chaithfidh dul i gcion ar thrádáil idir tíortha AE. Ní mór an t–iompar atá ina chuid de straitéis fhoriomlán a dtugann an gnólacht ceannasach fúithi a mheasúnú i gcomhthéacs a thionchair fhoriomláin. I gcás go nglacann gnólacht ceannasach cleachtais áirithe chun an aidhm chéanna a bhaint amach (e.g. féachaint le hiomaitheoirí a chur as an áireamh nó bac a chur orthu), chun go mbeidh ag Airteagal 102 CFAE infheidhme maidir leis na cleachtais ar fad atá ina gcuid den straitéis fhoriomlán sin, is leor go mbeifear ábalta dul i gcion ar thrádáil idir tíortha AE le ceann amháin de na cleachtais sin ar a laghad.
  • Dírítear na treoirlínte ar 3 phríomhghné agus féachtar iontu leis an méid a leanas a shoiléiriú:
    • coincheap na trádála idir tíortha AE nach bhfuiltear teoranta do mhalartuithe traidisiúnta earraí agus seirbhísí thar theorainneacha. Is coincheap níos leithne é, ina gclúdaítear gníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann lena n–áirítear bunaíocht*. Tugtar le tuiscint leis an gcoincheap nach mór dul i gcion ar ghníomhaíocht eacnamaíoch trasteorann lena bhfuil baint ag (codanna de) 2 thír AE ar a laghad;
    • brí na bhfocal “d’fhéadfaí dul i gcion” lena sainmhínítear cineál an tionchair a theastaíonn ar thrádáil idir tíortha AE. De réir na tástála caighdeánaí a d’fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais, ní foláir go mbeifear ábalta réamh–mheas a dhéanamh le méid dóthanach dóchúlachta, ar bhonn sraith tosca oibiachtúla dlí nó fírice, go bhféadfadh tionchar, díreach nó indíreach, iarbhír nó féideartha, a bheith ag an gcomhaontú nó ag an gcleachtas ar phatrún na trádála idir tíortha AE. I gcásanna go bhféadfadh sé go rachaidh an comhaontú nó an cleachtas i bhfeidhm ar an struchtúr iomaíochta laistigh den Aontas, bunaítear dlínse dlí AE;
    • tuairim na “suntasachta”: cuimsítear gné chainnníochtúil ar chritéar na héifeachta ar thrádáil, rud a chuireann teorainn le dlínse dlí AE do chomhaontuithe agus do chleachtais a bhféadfadh éifeachtaí de mhéid áirithe a bheith acu. Féadfar suntasach a mheasúnú go sonrach faoi threoir staid agus thábhacht na ngnólachtaí ábhartha ar an margadh maidir leis na táirgí lena mbaineann. Braitheann an measúnú ar chúinsí gach cáis aonair, go háirithe an cineál comhaontaithe nó cleachtais, cineál na dtáirgí atá clúdaithe agus suíomh ar an margadh na ngnólachta lena mbaineann.
  • Measann an Coimisiún nach féidir i bprionsabal dul i gcion go suntasach ar thrádáil idir thíortha AE leis na comhaontuithe i gcás go gcomhlíontar 2 choinníoll ag an am céanna:
    • nach mbeidh sciar comhiomlán margaidh na bpáirtithe laistigh den mhargadh ábhartha in AE níos mó ná 5%; agus
    • i gcás comhaontuithe cothrománacha, ní bheidh láimhdeachas bliantúil comhiomlán na ngnólachtaí sna táirgí lena mbaineann níos mó ná €40 milliún. i gcás comhaontuithe ingearacha, ní bheidh láimhdeachas bliantúil comhiomlán na soláthraithe sna táirgí lena mbaineann níos mó ná €40 milliún.
  • Cuimsítear sna treoirlínte anailís ar fhoirmeacha éagsúla comhaontuithe agus cleachtas lena soláthraítear léiriú ar conas is ceart coincheap na héifeachta ar thrádáil a chur i bhfeidhm i ngníomh.
  • Critéar dlínsiúil um dhlí uathrialaitheach AE is ea critéar na héifeachta ar thrádáil. Ní mór measúnú ar leith a dhéanamh air i ngach cás agus ní hionann é agus an measúnú ar an srian ar iomaíocht.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREOIRLÍNTE?

Tá feidhm leis ón 27 Aibreán 2004.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cairtéal: grúpaí cuideachtaí comhchosúla ach neamhspleách a thagann le chéile le praghsanna a shocrú, chun táirgeadh a theorannú nó chun margaí nó custaiméirí a roinnt eatarthu féin.
Comhaontuithe ingearacha: comhaontuithe idir comhlachtaí a oibríonn ar leibhéil éagsúla den slabhra soláthair, mar shampla, i gcás go soláthraíonn cuideachta amháin ábhair tháirgthe an dara cuideachta.
Comhaontuithe cothrománacha: comhaontaithe idir gnólachtaí atá san iomaíocht lena chéile.
Bunaíocht: saoirse gnólachtaí (bídís féinfhostaithe, ina ndaoine aonair agus gairmí nó daoine dlítheanacha, amhail gnólachtaí (atá ag oibriú go dleathach i dtír amháin de chuid an Aontais Eorpaigh chun gníomhaíocht eacnamaíoch a chur i gcrích ar bhealach cobhsaí agus leanúnach i dtír eile de chuid an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Fógra ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le coincheap na héifeachta ar thrádáil atá cuimsithe in Airteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE (IO C 101, 27.4.2004, lgh. 81-96)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais Airteagal 102 (sean-Airteagal 82 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 89)

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 29.05.2020

Top