RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Feidhmiú Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh CE mar a bhí)

Ceapadh na socruithe nua maidir le feidhmiú na nósanna imeachta in aghaidh trustaí, a tugadh isteach le Rialachán (CE) Uimh 1/2003 ón gComhairle, le cinntiú go ndéanfaí rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) a fhorfheidhmiú ar shlí níos éifeachtaí chun leasanna tomhaltóirí agus gnóthas, agus an t-ualach riaracháin a mhaolú ag an am céanna ar ghnóthais atá i mbun gnó san Eoraip. Trí na rialacha iomaíochta a fheidhmiú ar shlí dhíláraithe agus trí rialú a posteriori a neartú, maolóidh an rialachán seo riar oibre riaracháin an Choimisiúin, rud a chumasóidh dó a acmhainní a dhíriú ar fhorfheidhmiú na sáruithe iomaíochta is tromchúisí. Méadóidh sé, leis, an pháirt atá ag údaráis iomaíochta náisiúnta agus cúirteanna náisiúnta i gcur chun feidhme dhlí iomaíochta an AE agus ráthóidh sé ag an am céanna go bhfeidhmeofar é go héifeachtach agus go haonfhoirmeach.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur chun feidhme na rialacha ar iomaíocht a leagadh síos in Airteagail 81 agus 82 den Chonradh [Féach an t-acht leasaitheacha/na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Ghabh an rialachán seo, arna ghlacadh ag an gComhairle an 16 Nollaig 2002 agus lena bhfeidhmítear na rialacha iomaíochta a leagadh síos ag Airteagail 101 agus 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagail 81 agus 82 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE) mar a bhí), áit Rialachán (CEE) Uimh. 17/62 (DA) (DE) (EL) (EN) (ES) (FR) (IT) (NL) (PT) (FI) (SV) ón 1 Bealtaine 2004.

Le Rialachán Uimh. 17/62 bunaíodh córas láraithe monatóireachta faoina gcaithfear comhaontuithe a d'fhéadfadh trádáil idir tíortha an AE a shrianadh nó difríocht a dhéanamh di a chur in iúl don Choimisiún, le cáiliú do dhíolúine. De thoradh cumhacht eisiach a bheith ag an gCoimisiúin chun comhaontuithe a údarú a chuireann srian le hiomaíocht ach a chomhlíonann coinníollacha Airteagal 81(3) den Chonradh AE tá líon mór comhaontuithe curtha in iúl ag cuideachtaí, rud atá ag baint an bhoinn d’iarrachtaí chun dianfheidhmiú rialacha iomaíochta an AE a chur ar aghaidh ar shlí dhíláraithe.

Chun foirmiúlachtaí riaracháin a shimpliú do ghnóthais agus cumasú don Choimisiún beart níos éifeachtaí a ghlacadh in aghaidh sáruithe tromchúiseacha ar na rialacha iomaíochta, sheol an Coimisiún, le foilsiú a Pháipéar Bán 1999 (DE) (EN) (ES) (FR), próiseas fada athchóirithe as a lean foilsiú an rialacháin seo.

Leis an athchóiriú seo cuirtear an t-athrú ó chóras d’údarú láraithe ag an gCoimisiún bunaithe ar réamhfhógra go córas eisceachta dlíthiúla a mhaolaíonn riar oibre an Choimisiúin agus a mhéadaíonn ról na n-údarás iomaíochta náisiúnta agus na gcúirteanna náisiúnta maidir le dlí iomaíochta an AE a chur chun feidhme agus a ráthaíonn ag an am céanna go bhfeidhmítear é go héifeachtach agus go haonfhoirmeach, toisc é a bheith bunaithe ar fheidhmiú díláraithe rialacha iomaíochta an AE agus neartú ar rialú a posteriori.

Raon

Leis an rialachán seo leagtar síos rialacha a chuireann chun feidhme forálacha an CFAE maidir le comhaontuithe, cinntí ag comhlachais gnóthas agus cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh an iomaíocht a shrianadh (Airteagal 101 CFAE) agus mí-úsáidí ceannasachta (Airteagal 201 CFAE).

Comhair idir an Coimisiún agus údaráis iomaíochta agus cúirteanna thíortha an AE

Is é toradh díreach an chórais eisceachta dlíthiúla ná freagracht gnóthas a mhéadú ós rud é, toisc nach bhfuil siad faoi réir riachtanais réamhfhógra níos mó, go mbeidh orthu a chinntiú de mheon macánta nach ndéanann comhaontuithe aon difear don tsaoriomaíocht agus nach sáraíonn siad rialacha an AE sa réimse seo. Chun aon mhí-úsáid a sheachaint, áfach, gabhfaidh na húdaráis iomaíochta san Eoraip – lena n-áirítear an Coimisiún – agus na cúirteanna náisiúnta níos mó freagrachta chucu as cinntiú go gcomhlíontar rialacha iomaíochta an AE, agus a ngníomhaíochtaí faoi seach á gcomhordú acu ag an am céanna. Chuige sin, teastóidh iarrachtaí chun malartú faisnéise a spreagadh idir na hinstitiúidí éagsúla.

Chun malartú faisnéise a éascú idir údaráis iomaíochta san Eoraip, déantar foráil sa rialachán do líonra iomaíochta Eorpach a chruthú a bheidh comhdhéanta de na húdaráis iomaíochta náisiúnta agus den Choimisiún. Féadfar faisnéis, lena n-áirítear faisnéis faoi rún, a mhalartú laistigh den líonra, rud a chabhródh, b'fhéidir, chun sáruithe de na rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú. Ní mór don Choimisiún cóipeanna de na doiciméid is tábhachtaí a tharchur agus, ar iarratas ó na húdaráis iomaíochta, aon doiciméad atá riachtanach chun cás atá á shaothrú aige a mheas, a sholáthar. Óna dtaobh féin de, tá na húdaráis iomaíochta náisiúnta freagrach as an gCoimisiún a chur ar an eolas mar gheall ar aon toirmeasc nó cinneadh gealltanais a bhaineann le feidhmiú Airteagail 101 agus 102 CFAE agus mar gheall ar aon chinneadh a aistarraingíonn buntáiste rialacháin bhlocdhíolúine tráth nach déanaí ná 30 lá sula nglactar é.

Chun aon fhorluí a sheachaint agus le cinntiú go gcuirfear dlí iomaíochta na hEorpa i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go comhsheasmhach, coimeádann an rialachán an riail go scaoiltear údaráis iomaíochta náisiúnta go huathoibríoch óna ndlínse má thionscnaíonn an Coimisiún a imeachtaí féin. Mar sin féin, gabhann an Coimisiún air féin dul i gcomhairle leis an údarás náisiúnta i dtrácht sula dtionscnófar imeachtaí. Lena chois sin, nuair a fhaigheann údarás iomaíochta i dtír de chuid an AE nó an Coimisiún gearán maidir le comhaontú, le cinneadh de chuid comhlachas gnóthas nó cleachtas comhbheartaithe a bhfuil údarás iomaíochta eile ag déileáil leis, nó gur dhéileáil sé leis, féadfaidh sé a imeachtaí a chur ar fionraí nó diúltú don ghearán.

Óna thaobh féin de, sula nglactar cinneadh chun a ordú gur gá sárú a thabhairt chun críche, chun na gealltanais a ofrálann gnóthais a dhéanamh ceangailteach, chun Airteagal 101(1) CFAE a fháil neamhfheidhmeach nó chun fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a ghearradh ar ghnóthais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach ar Chleachtas Srianta agus ar Cheannasacht ag cruinniú dá chuid nó le nós imeachta scríofa. Gníomhaíonn an Coiste seo, atá comhdhéanta d’ionadaithe de chuid na n-údarás iomaíochta náisiúnta, mar fhóram chun cásanna atá á láimhsiú ag na húdaráis iomaíochta éagsúla san Eoraip a phlé.

Ar deireadh, maidir leis an gcomhar atá riachtanach idir an Coimisiún agus na cúirteanna náisiúnta, leagtar síos sa rialachán gur féidir leis na cúirteanna náisiúnta iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis atá ina sheilbh aige nó tuairimí ar cheisteanna maidir le feidhmiú rialacha iomaíochta an AE a tharchur chucu. Lena chois sin, geallann tíortha an AE cóip d'aon bhreithiúnas scríofa ó na cúirteanna náisiúnta a bhaineann le feidhmiú Airteagal 101 nó 102 CFAE a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún. Déantar foráil sa rialachán seo chomh maith le go gcuirfidh an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta tuairimí scríofa nó tuairimí ó bhéal ar aghaidh chuig na cúirteanna náisiúnta maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú Airteagail 101 nó 102 CFAE.

Cumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh

Le cinntiú go bhfeidhmítear na rialacha iomaíochta maidir le comhaontuithe, cinntí de chuid comhlachas gnóthas agus cleachtas srianta (Airteagal 101) agus mí-úsáid ceannasachta (Airteagal 102) a d'fhéadfadh a bheith frithiomaíoch, tá cumhachtaí éagsúla ag an gCoimisiún chun cinntí a dhéanamh, imscrúduithe a sheoladh agus pionós a fhorchur. Feidhmíonn sé na cumhachtaí sin nuair a mheasann sé, tar éis gearáin nó ar a thionscnamh féin, gur sáraíodh Airteagal 101 nó 102 CFAE i gcás ar leith.

Faoin rialachán seo, féadfaidh an Coimisiún na cinntí seo a leanas a dhéanamh:

  • cinneadh a fhaigheann agus a chuireann deireadh le sárú: má fhaigheann an Coimisiún gur sáraíodh Airteagal 101 nó 102 CFAE, féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh a éileoidh ar na gnóthais agus ar na comhlachais gnóthas i dtrácht deireadh a chur leis an sárú nó a fháil amach gur tugadh an sárú chun críche;
  • cinneadh ag ordú beart eatramhach: i gcásanna de phráinn chuí, féadfaidh an Coimisiún, ag gníomhú ar a thionscnamh féin, ar bhonn cinneadh prima facie de shárú, bearta eatramhacha a ordú;
  • cinneadh as a leanann gealltanais cheangailteacha: i gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cinneadh a ghlacadh a éileoidh go dtabharfar sárú chun críche agus mar a n-ofrálann na gnóthais i dtrácht gealltanais chun a údair imní a réiteach, féadfaidh sé na coinníollacha sin a dhéanamh ceangailteach go ceann tréimhse sonraithe. Féadfaidh sé na himeachtaí a athoscailt má athraíonn fíricí an cháis, má ghníomhaíonn na gnóthais contrártha dá ngealltanais nó má bhunaítear an cinneadh ar fhaisnéis atá neamhiomlán, bréagach nó míthreorach;
  • cinneadh a fhaigheann go bhfuil Airteagail 101 agus 102 CFAE neamh-infheidhme: féadfaidh an Coimisiún, ar chúiseanna leasa phoiblí an AE, a fháil, ar bhonn na bhfíricí is eol dó, nach mbaineann Airteagal 101 le comhaontú, le cinneadh de chuid comhlachais gnóthas nó le cleachtas comhbheartaithe toisc nár comhlíonadh coinníollacha Airteagal 101(1) nó toisc gur comhlíonadh na coinníollacha chun maolú a fháil faoi Airteagal 101(3). Féadfaidh sé déanamh amhlaidh i gcásanna de mhí-úsáid ceannasachta, dá dtagraítear in Airteagal 102.

Chun ceart cuí cosanta a chinntiú, sula nglacfaidh sé cinneadh, tabharfaidh an Coimisiún an deis don ghnóthas nó don chomhlachas gnóthas i dtrácht éisteacht a fháil ar na gnéithe a bhfuiltear ag cur ina gcoinne. Lena chois sin, tá ceart rochtana ag na páirtithe i dtrácht ar chomhad an Choimisiúin, ar choinníoll nach sceithfí rúin ghó dá bharr. Chun rúndacht ghairmiúil a choimirciú, áfach, ní féidir aon fhaisnéis a bhailítear a úsáid ach chun na críche dá bhfuarthas í. Tá an Coimisiún agus údaráis iomaíochta náisiúnta faoi oibleagáid, chomh maith, gan aon fhaisnéis atá faighte nó malartaithe acu a sceitheadh.

Seo a leanas cumhachtaí imscrúdaithe an Choimisiúin:

  • fiosruithe earnála a sheoladh: i gcás ina gcuireann an treocht trádála idir tíortha an AE, dolúbthacht praghsanna, nó cúinsí eile, i bhfios go bhféadfadh srian a bheith á chur ar iomaíocht nó í a bheith á saobhadh laistigh den chómhargadh, féadfaidh an Coimisiún fiosrú a sheoladh faoi earnáil ar leith den gheilleagar nó faoi chineál áirithe comhaontaithe trasna earnálacha éagsúla;
  • faisnéis a iarraidh: féadfaidh an Coimisiún, le hiarratas simplí no le cinneadh, iarraidh ar ghnóthais nó ar chomhlachais gnóthas aon fhaisnéis a sholáthar atá uaidh chun na dualgais a sannadh dó ag an rialachán seo a chur i gcrích; aon duine nádúrtha nó dlíthiúil a bhféadfadh faisnéis úsáideach a bheith aige/aici, ní mór dó/di aon fhaisnéis a iarrtar air/uirthi a sholáthar; féadfaidh an Coimisiún chomh maith aon fhianaise atá de dhíth air chun a dhualgais a chomhlíonadh a iarraidh ar rialtais agus ar údaráis iomaíochta náisiúnta;
  • ráitis a thógáil: féadfaidh an Coimisiún agallamh a chur ar dhuine nádúrtha nó dlíthiúil ar bith a thoilíonn dul faoi agallamh;
  • iniúchtaí a sheoladh: féadfaidh an Coimisiún aon iniúchtaí riachtanacha a sheoladh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas, agus ní mór dóibh siúd géilleadh d'iniúchtaí mar iad; chuige sin, tá an chumhacht ag a oifigigh:
    1. iontráil in áitreabh, ar thalamh agus i gcóracha iompair de chuid gnóthas agus de chuid comhlachas gnóthas;
    2. iontráil in aon áitreabh, talamh agus cóir iompar eile de chuid gnóthas agus comhlachas gnóthas, lena n-áirítear bailte stiúrthóirí, bainisteoirí agus baill foirne eile, má tá amhras réasúnta ann go bhféadfadh leabhair nó taifid eile a bhaineann leis an ngnó agus le hábhar an iniúchta a bheith á gcoimeád ann;
    3. leabhair agus taifid eile a bhaineann leis an ngnó a scrúdú;
    4. cóipeanna de leabhair nó taifid dá sórt nó sleachta astu a thógáil;
    5. aon áitreabh gnó agus leabhair nó taifid a shéalú do thréimhse an iniúchta;
    6. iarraidh ar aon ionadaí nó ball foirne de chuid an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas faisnéis a sholáthar agus a bhfreagraí a thaifeadadh.

Na hoifigigh atá údaraithe ag an gCoimisiún chun iniúchtaí a sheoladh, feidhmeoidh siad a gcumhachtaí ar údarú scríofa a thabhairt ar aird ag sonrú ábhar agus cuspóir an iniúchta agus an pionós a d’fhéadfaí a fhorchur. In am trátha sula seolfar é, ní mór don Choimisiún fógra iniúchta a thabhairt d’údarás iomaíochta na tíre de chuid an AE i dtrácht. Féadfaidh údarás iomaíochta i dtír de chuid an AE, ina chríoch féin, aon bheart a chur i gcrích faoina dhlí náisiúnta thar ceann agus chun cuntais údarás iomaíochta in aon tír eile de chuid an AE nó, ar iarratas ón gCoimisiúin, iniúchadh a dhéanamh chun a fháil amach cibé ar sáraíodh Airteagal 101 nó 102 CFAE.

Féadfaidh an Coimisiún na pionóis seo a leanas a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas:

  • fíneálacha: féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 1 % den láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin a ghearradh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas, i gcás, cibé go toiliúil nó go faillíoch:
    1. go soláthraíonn siad faisnéis atá bréagach, neamhiomlán nó míthreorach mar fhreagairt ar iarratas nó nach soláthraíonn siad faisnéis laistigh den teorainn ama riachtanach;
    2. go dtugann siad ar aird na leabhair nó na taifid riachtanacha eile a bhaineann leis an ngnó i bhfoirm neamhiomlán le linn iniúchtaí nó go ndiúltaíonn siad géilleadh d’iniúchtaí a ordaíodh;
    3. go ndiúltaíonn siad ceist a fhreagairt le linn iniúchadh nó go bhfreagraíonn siad ar bhealach míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach;
    4. gur briseadh séalaí a ghreamaigh oifigigh arna n-údarú ag an gCoimisiún.

    Lena chois sin, féadfaidh an Coimisiún fíneálacha a ghearradh ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas nach mó ná 10 % den láimhdeachas iomlán a fíoraíodh sa bhliain ghnó roimhe sin ag gach ceann de na gnóthais a bhí rannpháirteach sa sárú i gcás go sáraíonn siad Airteagal 101 nó 102 CFAE, go sáraíonn siad cinneadh ag ordú beart eatramhach nó go dteipeann orthu géilleadh do ghealltanas a ndearnadh gealltanas ceangailteach de le cinneadh de chuid an Choimisiúin.

    Agus méid na fíneála á shocrú, ní mór don Choimisiún tromaíocht agus fad an tsáraithe a chur san áireamh. I gcás ina ngearrtar fíneáil ar chomhlachas gnóthas agus gur comhlachas dócmhainneach é, féadfaidh an Coimisiún íocaíocht a éileamh ó gach ceann de na gnóthais a bhí ina mbaill den chomhlachas tráth an tsáraithe. Ní ceadmhach don dliteanas airgeadais bheith níos airde ná 10 % dá láimhdeachas iomlán sa bhliain ghnó roimhe sin. Ní thagann cinntí chun fíneáil a ghearradh faoi réim an dlí choiriúil.

  • íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla: lena chois sin, féadfaidh an Coimisiún a fhorchur ar ghnóthais agus ar chomhlachais gnóthas íocaíochtaí pionósacha nach mór ná 5 % dá láimhdeachas meánach laethúil sa bhliain ghnó roimhe sin in aghaidh an lae agus ríofa ón dáta a cheaptar sa chinneadh, chun iallach a chur orthu:
    1. deireadh a chur leis an sárú;
    2. géilleadh do chinneadh ag ordú beart eatramhach;
    3. géilleadh do ghealltanas atá ina cheangal;
    4. faisnéis iomlán agus chruinn a sholáthar faoi mar a iarradh;
    5. géilleadh d’iniúchadh atá ordaithe aige.

    I gcás ina gcomhlíonann na gnóthais an oibleagáid ar ceapadh an íocaíocht phionósach thréimhsiúil lena forfheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh an méid deifnídeach a laghdú.

Tá cumhacht an Choimisiúin chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh teoranta do thréimhse trí nó cúig bliana, ag brath ar an sárú a rinneadh. Brisfear an tréimhse theorann a gcuirfear tús léi ar an lá a ndearnadh an sárú, i gcás aon ghníomhaíochta a dhéanann an Coimisiún nó údarás iomaíochta náisiúnta chun críche imeachtaí maidir le sárú. Cuirfear an tréimhse ar fionraí a fhad atá cinneadh an Choimisiúin ina ábhar d’imeachtaí ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais. I gcodarsnacht leis sin, is é cúig bliana an tréimhse theorann maidir le forfheidhmiú pionós.

Athbhreithníonn an Chúirt Bhreithiúnais cinntí an Choimisiúin agus féadfaidh sí rialú in aghaidh cinntí ag an gCoimisiún chun fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur.

Rialacháin bhlocdhíolúine

Cumhachtaíonn rialacháin dhifriúla an Coimisiún sna réimsí arna sainiú acu chun rialacháin a dheonú a dhearbhaíonn Airteagal 101(1) CFAE a bheith neamh-infheidhme maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí de chuid comhlachas gnóthas agus cleachtais chomhbheartaithe (rialachán blocdhíolúine). Áirítear ar na rialacháin sin:

  • Rialachán (CEE) Uimh. 19/65 maidir le feidhmiú Airteagal 81(3) den Chonradh maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe;
  • Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 maidir le feidhmiú Airteagal 81(3) den Chonradh i dtaca le catagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe;
  • Rialachán (CE) Uimh. 487/2009 an 25 Bealtaine 2009 maidir le feidhmiú Airteagal 81(3) den Chonradh i dtaca le catagóirí áirithe comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe san earnáil aeriompair;
  • Rialachán (CEE) Uimh. 1534/91 maidir le feidhmiú Airteagal 81(3) den Chonradh i dtaca le catagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe san earnáil árachais;
  • Rialachán (CE) Uimh. 246/2009 an 26 Feabhra 2009 maidir le feidhmiú Airteagal 81(3) den Chonradh i dtaca le catagóirí áirithe comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe idir comhlachtaí loingseoireachta línéir (cuibhreannais).

Dá ainneoin sin, má tá ag na comhaontuithe, cinntí nó cleachtas comhbheartaithe blocdhíolmhaithe sin éifeachtaí diúltacha atá neamhréireach le hAirteagal 101(3), féadfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iomaíochta náisiúnta, ag gníomhú ar a dtionscnamh féin nó ar ghearán, buntáiste blocdhíolúine mar é a aistarraingt i gcásanna ar leith.

Forálacha leasaitheacha

Leasaítear leis an rialachán seo na rialacháin seo a leanas:

  • Rialachán (CEE) Uimh. 1017/68 ag feidhmiú rialacha iomaíochta maidir le hiompar ar iarnród, ar bóthar agus ar uiscebhealach intíre;
  • Rialachán (CEE) Uimh. 2988/74 maidir le tréimhsí teorann in imeachtaí agus le forfheidhmiú smachtbhannaí a bhaineann le hiompar agus le hiomaíocht;
  • Rialachán (CEE) Uimh. 4056/86 ag leagan síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú Airteagal 81 agus 82 den Chonradh i dtaca le hiompar muirí;
  • Rialachán (CEE) Uimh. 3975/87 ag leagan síos an nós imeachta maidir le feidhmiú na rialacha iomaíochta i dtaca le gnóthais san earnáil aeriompair;
  • Rialachán (CEE) Uimhreacha 19/65, 2821/71 agus 1534/91 maidir le feidhmiú Airteagal 81(3) den Chonradh i dtaca le catagóirí comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe;
  • Rialachán (CEE) Uimh. 17/62 (DA) (DE) (EL) (EN) (ES) (FR) (IT) (NL) (PT) (FI) (SV) ag feidhmiú Airteagail 81 agus 82 den Chonradh.

Leasaítear leis an rialachán seo an rialachán seo a leanas:

  • Rialachán (CEE) Uimh. 141/62 ag díolmhú an iompair ó fheidhmiú Rialachán Uimh 17 ón gComhairle.

TAGAIRT

AchtTeacht i bhfeidhmSpriocdháta don trasuí sna BallstáitIris Oifigiúil
Rialachán (CE) Uimh. 1/2003

24.1.2003

IO L 1 an 4.1.2003

An t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheachaTeacht i bhfeidhmSpriocdháta don trasuí sna BallstáitIris Oifigiúil
Rialachán (CE) Uimh. 411/2004

9.3.2004

IO L 68 an 6.3.2004

Rialachán (CE) Uimh. 1419/2006

18.10.2006

IO L 269 an 28.9.2006

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite (DE ) (EN ) (FR ) seo.

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2004 maidir le seoladh imeachtaí ag an gCoimisiún de bhun Airteagail 81 agus 82 den Chonradh AE (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) [Iris Oifigiúil L 123 an 27.4.2004].
Leagtar síos leis an rialachán seo rialacha mionsonraithe maidir le roinnt gnéithe tábhachtacha d'imeachtaí arna dtionscnamh ag an gCoimisiún, gnéithe ar nós éisteachtaí, gearán agus rochtain ar an gcomhad. Gabhann sé áit Rialachán (CE) Uimh. 2842/98 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 1998 maidir le héisteacht páirtithe in imeachtaí áirithe faoi Airteagail 85 agus 86 den Chonradh CE (Airteagail 101 and 102 CFAE anois).
Féach an leagan comhdhlúite (DE ) (EN ) (FR ).

Nuashonrú is déanaí: 14.03.2011
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh