Rialacha is infheidhme maidir le gnóthais
Déanann gnóthais áirithe iarracht an tsaoriomaíocht a shaobhadh agus gabhann siad d’iompar frithiomaíoch lena gcuid rialacha féin a fhorchur ar an margadh. D’fhéadfadh gnóthais a bhfuil gníomhaíochtaí comhchosúla ar siúl acu teacht ar shocruithe le chéile chun praghsanna a rialú nó an margadh a roinnt eatarthu féin. D'fhéadfadh gnóthas a bhfuil ceannasacht aige i margadh mí-úsáid a bhaint as an gceannasacht sin agus a iomaitheoirí a eisiamh ón margadh ráite. Tá rialacháin i bhfeidhm ag an Aontas Eorpach, mar sin, chun gnóthais a ionchúiseamh agus iad a chosc ag an am céanna ó ghabháil d'iompar frithiomaíoch.
Thairis sin, féadfaidh cumaisc agus fáil gnóthais amháin ag gnóthas eile an iomaíocht a shrianadh trí ghníomhaire ceannasach a chruthú nó a neartú sa mhargadh. Mar sin rialaíonn an tAontas comhchruinniú a bhfuil diminsean Comhphobail leis agus coisceann sé nó cuireann sé faoi réir coinníollacha áirithe, más gá.
-
IN AGHAIDH TRUSTAÍ: CLEACHTAIS SHRIANTACHA AGUS MÍ-ÚSÁID CEANNASACHTA
-
Rialacha ginearálta
- Feidhmiú Airteagal 101 agus Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh CE mar a bhí)
- Treoirlínte maidir le socrú fíneálacha
- Díolúine ó agus laghdú ar fhíneálacha: trócaire i gcásanna cairtéal
- Faisnéis ar sháruithe agus ar ghearáin
- Treoirlínte ar choincheap na héifeachta ar thrádáil
- Sainiú an mhargaidh ábhartha
- Treoirlínte maidir le hAirteagal 101(3) CFAE (Airteagal 81(3) CCE tráth) a chur i bhfeidhm
- Fógra de minimis: díolúine do chomhaontuithe miontábhachta
- Teacht ar an gcomhad
- Treoir neamhfhoirmiúil do ghnóthais
- Líonra Eorpach um Iomaíocht (LEI)
- Comhar idir an Coimisiún agus cúirteanna náisiúnta
- Díolúintí in aghaidh catagóire: comhaontuithe ingearacha
- Díolúintí in aghaidh catagóire: comhaontuithe cothrománacha
- Cineálacha eile díolúintí
- Caingne damáistí
-
Rialacha ginearálta
- CUMAISC
Féach leis
- Eolas breise ó leathanaigh "In aghaidh trustaí" (EN), "Cairtéil" (EN) agus "Comhchruinnithe" (EN) de shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na hIomaíochta an Choimisiúin Eorpaigh
-
Gluais de théarmaí a úsáidtear i mbeartas iomaíochta an AE
(1496-1520 KB)



