RSS
Innéacs A - Z
Tá an leathanach seo ar fáil i 23 theanga
Teangacha nua atá ar fáil:  BG - CS - ET - GA - LV - LT - HU - MT - PL - RO - SK - SL

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Buiséad don Eoraip (2014-2020)

Thíolaic an Coimisiún Eorpach togra buiséid don tréimhse 2014-2020 a bhfuil mar chuspóir aige cur le fás stuama buan cuimsitheach. Caithfidh go gceadaí bearta an togra maoiniú do chuspóirí na straitéise Eoraip 2020 agus cur ar bun fíorbhuiséid Eorpaigh faoi dheireadh.

ACHT

Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions of 29 June 2011 — A Budget for Europe 2020 [COM(2011) 500 final — Not published in the Official Journal] (Cumarsáid ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún an 29 Meitheamh 2011 dar teideal “Buiséad don Eoraip 2020” [COM(2011) 500 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

ACHOIMRE

Mionléirítear sa Chumarsáid seo buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) atá le teacht sa tréimhse 2014-2020 agus cláraítear í sa straitéis Eoraip 2020. Ní mór go gceadaí an togra buiséid seo:

  • comhbheartais a mhaoiniú, amhail an comhbheartas talmhaíochta (CBT);
  • cuidiú leis na réigiúin is lú saibhreas trí phrionsabal na dlúthpháirtíochta a chur i bhfeidhm;
  • an dlaoi mhullaigh a chur ar an margadh inmheánach;
  • sineirgí, comhar agus mórthionscadail a spreagadh i réimsí an taighde, na nuálaíochta nó an chirt;
  • dúshlán dianseasmhacha nó nua a thabhairt ar gá dóibh comhchur chuige ag leibhéal na hEorpa, amhail an t-athrú aeráide, fás an daonra nó tubaistí daonnúla.

Buiséad ar son an taighde, na nuálaíochta agus na forbartha teicneolaíche

Ní mór don AE a bheith iomaíoch maidir leis an nuálaíocht má tá sé ag iarraidh a bheith mór le rá sa domhan. Ach tá moill nach beag le haithint ann maidir leis an nuálaíocht agus an taighde. Chun an mhoill seo a chúiteamh, tá dúil ag an gCoimisiún go n-ardófar leibhéal na n-infheistíochtaí Eorpacha sa taighde agus san fhorbairt agus é a thabhairt go 3 % den OTI.

Chun é sin a dhéanamh, tá rún ag an gCoimisiún EUR 80 míle milliún a bhronnadh don Chomhchreat Straitéiseach le haghaidh an taighde agus na nuálaíochta sa tréimhse 2014-2020 agus breis á cur leis ag cistí struchtúracha.

Buiséad ar son na dlúthpháirtíochta faoi choinne fáis agus fostaíochta buana

Cuireann an AE a bheartas faoi réir na dlúthpháirtíochta leis na réigiúin faoi mhíbhuntáiste. Tá príomhról ag beartas an chomhtháthaithe fosta in uaillmhianacha agus cuspóirí na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach tríd an AE. Tá dúil ag an gCoimisiún catagóir nua réigiúin a chruthú fosta, mar atá “na réigiúin idirthréimhseacha”, agus gach réigiún inti a bhfuil an OTI in aghaidh an áitritheora aige idir 75 % agus 90 % de mheán an AE 27.

Ina theannta sin, éilíonn an dífhostaíocht agus an bhochtaineacht comhordú gníomhartha náisiúnta agus Eorpacha. Sin é an fáth a bhfuil ról ollmhór ag Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE). Is féidir breis a chur lena chuid gníomhartha tríd an gclár Progress agus tríd an líonra EURES.

Tá rún ag an gCoimisiún EUR 376 míle milliún a dhath d’ionstraimí bheartas an chomhtháthaithe agus an méid seo a roinnt idir na réimsí éagsúla seo:

  • EUR 162.6 míle milliún do réigiúin faoin gcuspóir cóineasaithe;
  • EUR 38.9 míle milliún do réigiúin idirthréimhseacha;
  • EUR 53.1 míle milliún do réigiúin faoi chuspóir na hiomaíochta;
  • EUR 11.7 míle milliún don chomhar críche;
  • EUR 68.7 míle milliún don Chiste Comhtháthaithe.

Buiséad a idirnascann an Eoraip

Chun oibriú go hiomlán, éilíonn an margadh aonair bonneagar nua-aimseartha. Sin é an fáth a bhfuil an Coimisiún ag iarraidh meicníocht a chruthú chun an idirnaisc san Eoraip chun fáil isteach ar an margadh inmheánach a éascú do chách.

Tá an Coimisiún ar tí EUR 40 míle milliún a thíolacadh le meicníocht a chur i bhfeidhm chun an Eoraip a idirnascadh agus EUR 10 míle milliún a thíolacadh d’infheistíochtaí a bhaineann leis an iompar taobh istigh den Chiste Comhtháthaithe. Roinnfear an méid seo ar thrí earnáil éagsúla:

  • EUR 9.1 míle milliún don fhuinneamh;
  • EUR 31.6 míle milliún don iompar;
  • EUR 9.1 míle milliún do na TFC.

Buiséad ar son an chomhbheartais talmhaíochta

Caithfidh an CBT a bheith iomaíoch, soláthar daingean sásúil bia a chinntiú, an comhshaol agus an tírdhreach a chaomhnú agus caighdeán beatha réasúnta a ráthú do lucht na talmhaíochta. Chun na cuspóirí seo a bhaint amach, tá rún ag an gCoimisiún athruithe áirithe a dhéanamh chun an CBT a chomhtháthú sa straitéis Eoraip 2020. San am le teacht, riarfaidh an buiséad atá tíolactha don talmhaíocht ar bhainistíocht bhuan na n-acmhainní nádúrtha agus ar an troid in éadan an athraithe aeráide, agus cuirfidh sé le forbairt chothrom tíre ar fud na hEorpa.

Tá brath ag an gCoimisiún air struchtúr an dá cholúin a choinneáil ar an CBT, leis an chéad cholún níos glaise agus roinnte níos cothroime agus an dara colún dírithe ar an iomaíocht agus ar an nuálaíocht, an troid in éadan an athraithe aeráide agus an comhshaol. Tá de rún aige na hathruithe seo a leanas a thabhairt isteach:

  • na híocaíochtaí díreacha a ghlasú;
  • na híocaíochtaí a chóineasú;
  • teorainn a chur le leibhéal na n-íocaíochtaí díreacha.

Molann an Coimisiún na suimeanna seo a leanas a dhath:

  • EUR 281.8 míle milliún do chéad cholún an CBT;
  • EUR 89.9 míle milliún don fhorbairt tuaithe.

Thairis sin, roinnfear EUR 15.2 míle milliún idir na hearnálacha seo a leanas:

  • EUR 4.5 míle milliún don taighde agus don nuálaíocht;
  • EUR 2.2 míle milliún don tsábháilteacht bia;
  • EUR 2.5 míle milliún don chúnamh bia;
  • EUR 3.5 míle milliún do chúlchiste nua faoi choinne géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta;
  • suas le EUR 2.5 míle milliún don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú.

Buiséad a infheistíonn sna hacmhainní daonna

Cuireann an straitéis 2020 chun suntais an riachtanas líon na gcéimithe ardoideachais a mhéadú san Eoraip agus cur in aghaidh an scoil a thréigean roimh am, agus na gníomhaíochtaí a bhaineann leis na meáin chumarsáide a spreagadh.

Mar sin féin, tá struchtúr na gclár a fhéachann chuig na cuspóirí seo a bhaint amach ró-ilroinnte go fóill ag an am seo. Sin é an fáth ar mhol an Coimisiún clár aonair a chur i bhfeidhm i réimse an oideachais, na hoiliúna agus na hóige.

Mar sin, tá dúil ag an gCoimisiún EUR 15.2 míle milliún a bhronnadh ar réimse an oideachais agus na hoiliúna, agus EUR 1.6 míle milliún a bhronnadh ar son an chultúir. Tá breis le cur leis an maoiniú seo ag na Cistí Struchtúracha.

Buiséad a chuireann chun solais na dúshláin a bhaineann leis an imirce

Tá an beartas a bhaineann leis an Tslándáil agus leis an imirce ar bhun agus ar bharr imní na nEorpach. Le Conradh Liospóin, tugadh isteach athruithe móra i modh stiúrtha na mbeartas seo. Sin é an fáth a bhfuil dúil ag an gCoimisiún struchtúr na n-ionstraimí caiteachais a shimpliú feasta agus líon na gclár a laghdú go dhá Chiste:

  • Ciste don imirce agus don tearmann;
  • Ciste don slándáil inmheánach.

Ina theannta sin, tá de rún ag an gCoimisiún EUR 8.2 míle milliún a thíolacadh do chúrsaí inmheánacha an AE agus EUR 455 milliún don chosaint shibhialta agus do chumas an AE éigeandálaí a fhreagairt.

Buiséad a dhéanfaidh príomhpháirtí domhanda den AE

Tá sé tábhachtach go mbíonn ról mór ag an AE sa domhan agus go gcinntíonn sé an bhuanseasmhacht, an rathúnas agus an daonlathas sna tíortha ina thimpeall. Tá dúil ag an gCoimisiún a straitéis eachtrach a fhorbairt go háirithe trí mheán ionstraim uile-Afracach a chruthú i gcomhthéacs na hionstraim maoinithe le haghaidh comhair forbraíochta (ICD). Mar an gcéanna, tá dúil ag an gCoimisiún a bheith páirteach i ndaonlathú na dtíortha Arabacha.

Dar leis an gCoimisiún ní gá atheagrú nua den reachtaíocht a bhaineann le bainistíocht a chaidrimh sheachtraigh. Molann sé EUR 70 míle milliún a dhath do na hionstraimí cúnaimh eachtraigh sa tréimhse 2014-2020.

Thairis sin, ní bhaineann na leithdháiltí seo a leanas leis an CBT:

  • an Ciste Eorpach Forbraíochta (tíortha ACC): EUR 30 míle milliún;
  • an Ciste Eorpach Forbraíochta (tíortha agus limistéir thar lear): EUR 321 milliún;
  • an Ciste Domhanda um Aeráid agus Bithéagsúlacht;
  • cúlchiste um chabhair éigeandála: EUR 2.5 míle milliún.

Tionscadail a bhfuil maoiniú de dhíth orthu taobh amuigh de bhuiséad an AE

Maoinítear an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) (EN) (FR) taobh amuigh de bhuiséad an AE mar gheall ar a shainiúla is atá sé, mar aon leis na tionscadail ITER nó an Clár Eorpach um Monatóireacht ar an Domhan (GMES) a bhfuil a chostas ró-ard le bheith cuimsithe i mbuiséad an AE.

Buiséad simplithe

Is gá do chreat buiséid nua an AE a bheith simplí. Sin é an fáth ar chinn an Coimisiún ar líon na gclár agus na n-ionstraimí éagsúla a laghdú. Na cláir chasta nár chruthaigh go feidhmiúil riamh, atheagrófar i bhfoirm shimplithe níos éifeachtaí iad nó éireofar astu.

Is modh eile é chun bainistíocht na gclár a shimpliú ná iad seo a chlárú i gcreat aonair agus na rialacha céanna acu, agus teorainn a chur le líon na n-eisceachtaí nó na gcásanna suntasacha, chomh fada agus is féidir: mar shampla, cuirfear na trí phríomhfhoinse maoinithe don taighde agus don nuálaíocht le chéile i gcomhchreat straitéiseach amháin don taighde agus don nuálaíocht. Maidir leis na cistí a roinntear a mbainistíocht, cuirfear comhchreat straitéiseach in áit an chuir chuige atá ann anois a chuireann ar bun foirne idirdhealaithe treoirlínte do gach ionstraim.

Tugtar ar na gníomhaireachtaí feidhmitheacha ról níos tábhachtaí a ghlacadh chun seirbhísí de cháilíocht níos fearr a sholáthar.

Agus é ag aithint an t-iallach buiséid atá ar na Ballstáit, agus na ciorruithe a rinneadh ar an gcaiteachas poiblí náisiúnta riaracháin á gcur san áireamh, molann an Coimisiún foireann gach institiúide, gach seirbhíse, gach gníomhaireachta nó gach eagraíochta eile a laghdú de 5 %.

Molann an Coimisiún fosta na cúig ionstraim nach mbaineann leis an gcreat airgeadais a mhionathrú, amhail:

  • cúlchiste um chabhair éigeandála (DE) (EN) (FR);
  • an ionstraim sholúbthachta (DE) (EN) (FR);
  • an ciste dlúthpháirtíochta (DE) (EN) (FR);
  • an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (DE) (EN) (FR);
  • an ionstraim nua faoi choinne géarchéimeanna in earnáil na talmhaíochta a fhreagairt.

Conclúid

I measc na dtéacsanna reachtacha a ghabhann leis an gCumarsáid seo, molann an Coimisiún rialachán a shocraíonn creat airgeadais ilbhliantúil nua, comhaontú idirinstitiúideach faoi chúrsaí buiséid agus dea-bhainistiú airgeadais agus cinneadh a bhaineann le hacmhainní dílse (agus a modhanna curtha i bhfeidhm féin acu).

Roimh dheireadh na bliana 2011, an straitéis a nochtadh sa Chumarsáid seo, tugfar miontuairisc uirthi sna tograí reachtacha a bhaineann leis na cláir agus leis na hionstraimí caiteachais a soláthraítear dóibh i ngach réimse.

ACHTANNA GAOLMHARA

Proposal for a Council Regulation of 29 June 2011 laying down the multiannual financial framework for the years 2014-2020 [COM(2011) 398 final — Not published in the Official Journal] (Togra Rialacháin ón gComhairle an 29 Meitheamh 2011 a shocraíonn an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020 [COM(2011) 398 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

Proposal for a Council Decision of 29 June 2011 on the system of own resources of the European Union [COM(2011) 510 final — Not published in the Official Journal] (Togra Cinnidh ón gComhairle an 29 Meitheamh 2011 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh [COM(2011) 510 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

Nuashonrú is déanaí: 03.10.2011
Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh