Bia
Cuireann an tAontas Eorpach luach mór ar a oidhreacht shaibhir cócaireachta agus cothaíonn sé feasacht an tomhaltóra ar shaincheisteanna a bhaineann le cáilíocht bia. Chuige sin, cosnaíonn reachtaíocht Chomhphobail an fheirmeoireacht orgánach agus táirgí cáilíochta agus ceanglaíonn sí go gcuirfear tomhaltóirí ar an eolas maidir le haon orgánach géinmhodhnaithe (OGM) a d’fhéadfadh a bheith i mbia-ábhair. Ní amháin gur bunaíodh paraiméadair shonracha chun bia-ábhair orgánacha agus cáilíochta a aicmiú, ach soláthraíonn lógónna cáilíochta chomh maith ráthaíocht do thomhaltóirí gur cloíodh leis na paraiméadair sin. Rialaítear margaíocht OGManna atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine nó mar bheatha ainmhithe ag gach céim agus sonraítear a láithreacht ar lipéadú táirgí. Glacadh bearta chomh maith chun creat dlíthiúil a sholáthar chun leathadh agus gluaiseacht trasteorann OGManna a rialú.



