RSS
Innéacs A - Z

We are migrating the content of this website during the first semester of 2014 into the new EUR-Lex web-portal. We apologise if some content is out of date before the migration. We will publish all updates and corrections in the new version of the portal.

Do you have any questions? Contact us.


Comhshaol

Talmhaíocht

Is forleathan iad iarmhairtí gníomhaíochtaí talmhaíochta ar an gcomhshaol. Martraíonn siad gnáthóga nádúrtha agus bíonn éifeacht acu ar thírdhreach, ar phlandaí agus ar ainmhithe. Sin í an chúis go dtugann an tAontas Eorpach an aird is mó is féidir ar shaincheisteanna comhshaoil agus an comhbheartas talmhaíochta (CBT) á fhorbairt agus go gcothaíonn sé talmhaíocht inbhuanaithe a léiríonn meas ar an gcomhshaol nádúrtha. Céim thábhachtach ab ea leasú na bliana 2003 ar an CBT trí bhíthin deonú cistiú pobail a chur de choinníoll ar ghéilliúlacht do chaighdeáin chomhshaoil. Lena chois sin, féachann tionscnaimh Chomhphobail le gach truailliú de thionscnamh talmhaíochta a theorannú, forbairt ar tháirgeadh agus ar úsáid bhithbhreosla a spreagadh, agus an bhithéagsúlacht a chosaint. Uasmhéadaíonn an tAontas sochar na bhforaoisí agus tacaíonn sé le tionscnaimh a fhéachann le dóiteáin a chosaint agus an fiadhúlra, gnáthóga nádúrtha agus éin a choimirciú.

Féach leis

Fógra dlíthiúil | Maidir leis an láithreán seo | Cuardaigh | Teagmháil | Barr an leathanaigh