Cosán nascleanúna
Cuimsíonn Cúinne na bPáistí rogha cluichí do phaistí agus do dhaoine óga idir 6 mbliana agus 18 mbliana d'aois. Tá na cluichí ar fáil i 22 teanga de chuid an AE. Institiúidí de chuid an AE a chuireann ar fáil iad.
Eagraítear de réir aoise na cluichí ar Chúinne na bPáistí go mbeidh sé níos éasca duit cluichí oiriúnacha a aimsiú do do pháiste.
Má tá áis teagaisc uait tá áis teagaisc faoin Eoraip i gcoitinne agus faoi bheartais go háirithe ar fáil saor in aisce ar 'Chúinne na Múinteoirí'. Tá leabhair dathúchain, bileoigíní, pacáistí faisnéise agus neart eile ann agus iad eagraithe de réir aoise freisin.
Daoine óga agus páistí atá i measc na n-usáideoirí is minice idirlín agus teicneolaíochtaí móibíleacha san Eoraip.