Cosán nascleanúna
Déanann an AE dea-obair ar ár son in a lán bealaí, m.sh. caomhnú na tuaithe, féachaint chuige go bhfuil an bia a ithimid sábháilte, glaonna gutháin agus téacsanna a dhéanamh níos saoire dúinn, an troid i gcoinne na coireachta agus a lán lán eile.
Oibríonn an AE freisin chun an saol a fheabhsú do pháistí agus do dhaoine óga. Bíodh do chearta ar eolas agat – na rudaí ba chóir súil a bheith agat leo agus na rudaí nach gá duit cur suas leo.
Tá an oiread sin ann le heolas a chur air – seo an áit cheart le tosú! Bain sult as!
Is do pháistí agus do dhéagóirí cosúil LEATSA an suíomh gréasáin seo faoi chearta na bpáistí. Tig leat cluichí a imirt, cartúin agus físeáin a fheiceáil agus eolas a chur ar do chearta. Cuirfidh tú eolas ar an duine ba chóir teagmháil a dhéanamh leis i do thír féin má cheapann tú nach bhfuil á chaitheamh go cóir leat. Treoróidh Oli, Ana agus a gcairde thú!
Buail isteachCad atá ar eolas agat faoin Aontas Eorpach (AE)?
An raibh a fhios agat go bhfuil cónaí ar bhreis is 500 milliún duine san Aontas Eorpach?
An raibh a fhios agat go bhfuil 23 teanga oifigiúil á labhairt san Aontas Eorpach?
Agus gur cruthaíodh an tAontas Eorpach breis is 50 bliain ó shin agus gur mhéadaigh sé ó 6 thír go 27 tír?
Ar chuala tú faoi bhratach gorm na hEorpa leis an dá réalta órga dhéag?
Déan d’eitleán a stiúradh trí bhacainní éagsúla agus baileoidh tú pointí má fhreagraíonn tú ceisteanna faoin AE agus faoi do chearta.
Is eachtrannach ón gcianspás tú ar cuairt ar an Domhan. Tástáil do chuid eolais faoin AE agus na 27 Ballstát. Imir leat féin nó cuir dúshlán roimh chairde – beidh do chuimhne á cíoradh go domhain agat!.
Tráth na gCeist ina dtástálfaidh tú an méid atá ar eolas agat faoi stair na hEorpa. Déan an spáslong a stiúradh go dtí an freagra ceart, ach seachain na dreigítí!
An raibh a fhios agat go bhfuil sé de cheart agat bheith sábháilte, aire cheart a fháil, bia folláin a fháil, dochtúir a fheiceáil má tá tú tinn, foghlaim, imirt agus scíth a ligean? Imir cluiche snúcair agus faigh eolas ar na cearta uile atá agat!
Bí id’ éicighníomhaire, freagair na ceisteanna, imir na cluichí agus beidh tú ar dhuine de na héicighníomhairí is mó cáil. Beidh ort a bheith eolach ar an gcomhshaol le pointí a bhaint!
Teastaíonn ó Pixel, Urso, Kangi, Blu, Nina, Max agus Bob eolas a thabhairt duit faoi do chearta, ach gabhadh iad ar oileán i bhfad i gcéin. Déan iad a scaoileadh saor trína léiriú go bhfuil do chearta ar eolas agat agus déan do bhealach amach as an bhfásach chun na saoirse.
An eol duit na riachtanais a bhíonn ag ainmhithe feirme agus cárb as a dtagann do chuid bia? Bailigh pointí agus tú ag cabhrú le hoibrithe feirme cró na mbó a ghlanadh nó bia a thabhairt don lao!
23 teanga oifigiúil atá san AE. Aimsigh iad agus seachain na damháin alla le pointí a scóráil. Beidh ort a bheith an-tapa!
Cuir le chéile na míreanna mearaí go bhfeicfidh tú Ana agus Oli, Pixel, Urso, Kangi, Blu, Nina, Max agus Bob agus tabharfaidh siad eolas duit faoi do chearta.
Céard a dhéanfá leis an gcomhshaol a chosaint agus le bheith folláin? Bog an carachtar timpeall an chláir agus freagair na ceisteanna le go bhfeicfidh tú an méid atá ar eolas agat faoi chaomhnú acmhainní nádúrtha agus fuinnimh.
Roghnaigh na dathanna is fearr leat a chur ar Ana agus Oli, Pixel, Urso, Kangi, Blu, Nina, Max agus Bob agus tabharfaidh siad eolas duit faoi do chearta.