Cosán nascleanúna

  • EUROPA
  • Faoin suíomh seo
  • Teagmháil

Ráiteas Rúndachta

Tá tú i dteagmháil le Stiúrthóir Gréasáin EUROPA. Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide a bhainistíonn an bosca poist seo. Ní bhailítear do chuid sonraí pearsanta ach an oiread agus is gá chun freagra a chur chugat. Mura féidir leis an bhfoireann bainistíochta bosca phoist do cheist a fhreagairt, cuirfidh sí do r-phost ar aghaidh go dtí an tseirbhís chuí. Cuirfear ar an eolas thú, tríd an r-phost, cén tseirbhís atá ag plé le do cheist.

Cé na daoine a bhfuil rochtain acu ar do shonraí?

Tá rochtain ar do shonraí ag foireann feidhmeannach de chuid an Choimisiúin atá freagrach as an mbosca poist agus ag an bhfeidhmeannach atá i bhfeighil ar chosaint príobháideachta laistigh d'Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide.

Conas a chosnaítear do shonraí?

Na sonraí a bhailítear tríd an mbosca poist seo, ní thabharfar d'éinne lasmuigh den Chomisiún Eorpach iad. Laistigh den Chomisiún, ní thig ach le feidhmeannaigh shonraithe rochtain a fháil ar do shonraí, agus is gá dóibh aitheantas úsáideora agus pasfhocal chuige sin.

Conas a thig leat féin rochtain a fháil ar do shonraí?

Ní féidir rochtain dhíreach a fháil ar an bhfaisnéis atá stóráilte. Más mian leat aon sonraí a sheol tú a athrú nó a scriosadh, nó má bhíonn ceist nó iarratas faoin eolas sin agat, cuir r-phost chuig: EUROPA-Comhordú-Foireann.

Cén fhad a choimeádaimid do shonraí?

Go ceann bliana ar a mhéad a stóráltar aon sonraí a fhaightear.

Bunús dlí

Breis eolais faoi thiomantas dlí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le príobháideacht úsáideoirí, tá sé le fáil ar ár leathanach um fhógraí dlí tábhachtacha.

TEAGMHÁIL

Eolas ginearálta – fiosruithe

Glaoigh ar
00 800 6 7 8 9 10 11 Féach mionsonraí na seirbhíse

Cuir do cheisteanna chugainn ar r-phost

Sonraí teagmhála agus cuairte d'institiúidí, teagmhálacha preasa

Cabhraigh linn feabhsú

An bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

FuairNí bhfuair

Cad a bhí uait?

An bhfuil aon mholtaí agat?