Cosán nascleanúna
Ba cheart go leanfadh suíomhanna gréasáin Fhorais an AE – ar a dtugtar EUROPA – na treoirlínte idirnáisiúnta um rochtaineacht ar ábhar gréasáin, ionas gur féidir leis an oiread daoine agus is féidir, gan idirdhealú, iad a rochtain is a thuiscint.
Is mian linn cloí le Treoirlínte um rochtaineacht ar ábhar gréasáin (WCAG)
(leagan 1.0) a d'eisigh Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C)
mar chuid den Tionscnamh Inrochtaineachta Gréasán
.
Ba cheart go bhfreastalódh gach suíomh de chuid EUROPA ar chritéir leibhéal A um ghéilliúlacht – na caighdeáin bhunúsacha a mhol na treoirlínte WCAG.
Tá an lógó "W3C – WAI A" ar roinnt leathanach tosaigh "barrleibhéil" de chuid EUROPA cheana féin agus léiríonn sé seo go gcloíonn siad leis na treoirlínte ar leibhéal A. Táimid i mbun oibre chun an líon is mó leathanach ar leibhéal níos ísle a thabhairt chun an chaighdeáin inrochtaineachta chéanna (cé nach gá lógó a chur leis na cinn seo).
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir lenár n-oibreacha inár d treoirlínte chun suíomhanna gréasáin inrochtana a chur amach.
Tá roghabhoscaí anuas chun teanga a roghnú ar fhormhór na leathanach EUROPA sa chúinne thuas ar dheis. Chun rochtain ar na teangacha ar fáil, ní gá d'úsáideoirí ach TAB a bhrú go dtí is go mbeidh an bosca roghnaithe agus ansin brú ar "ALT + saighead síos" chun an liosta a fhorleathnú.
Baintear úsáid as an sás seo chun teanga a roghnú chun líon na ngliogálacha luiche is gá a íoslaghdú maidir le roghnú teanga.
Suíomh gréasáin an AE um e-iniamh
– le rannóga ar dhaoine scothaosta
, e-rochtaineacht
, easnamh leathanbhanda
, e-rialtas cuimsitheach
, litearthacht dhigiteach
agus cultúr
.
Tuairisc - dul chun cinn e-rochtaineachta san Eoraip
Tionscnamh e-iniamh na hEorpa ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
(2007)
Teicneolaíocht inrochtana ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
[202 KB] (2005)
Rochtaineacht ar shuíomhanna gréasáin poiblí ![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
![]()
[102 KB] (2001)