Cosán nascleanúna

An tSeirbhís Eolais Eoraip go Díreach

Lógó Eoraip go Díreach

Tá líonra faisnéise an Eoraip go Díreach ar fud an AE uile agus tá oifigí ann a dhíríonn ar chumarsáid, ar acmhainní a chur ar fáil is ar lucht eagraithe imeachtaí a chur i dteagmháil le cainteoirí.

 

Cad atá sa líonra?

  • 480 ionad faisnéise AE i ngach tír san AE.
  • 400 ionad doiciméadúcháin ag ollscoileanna is ag ionaid taighde Eorpacha.
  • 400 cainteoir saineolaíoch (Foireann na hEorpa) atá ar fáil chun páirt a ghlacadh in imeacht is le hailt a scríobh don phreas.

Ionaid faisnéise

Tugann eolas ginearálta faoin AE (imeachtaí chun feasacht a ardú, suímh ghréasáin, foilseacháin, obair leis na meáin áitiúla), agus pléann le fiosruithe ón bpobal go pearsanta nó tríd an nguthán/r-phost.

Ionaid Doiciméadúcháin

  • Cabhraigh le hollscoileanna is le forais taighde chun oideachas is taighde faoin imeascadh Eorpach a neartú is a fhorbairt, á misniú chun páirt a ghlacadh sa phlé faoin Eoraip.
  • Cabraigh chun eolas níos doimhne faoi bheartais an AE a thabhairt don phobal. Tig le héinne cuairt a thabhairt ar ionad chun foilseacháin oifigiúla AE a scrúdú.
  • Faigh an t-Ionad doiciméadúcháin is gaire duit

Cainteoirí-saineolaithe (Foireann na hEorpa)

Saineolaithe chun léirirthe, ceardlanna nó plé a threorú ag aonaigh trádála nó ag comhdhálacha nó laistigh d'eargais ar chuireadh (scoileanna, ENGanna, gnóthais, srl.).

Fairis sin, tugann siad agallaimh is scríobhann ailt do na meáin.

Tig leat bualadh leis na heolaithe sin ag imeachtaí éagsúla atá dírithe ar an AE, nó cuireadh a thabhairt dóibh labhairt ag d'imeacht féin.

Barr

Ní thig leat é a fháil? Bain triail as an A go ZAÁBCDEFGHIÍLMNOÓPQRSTUÚVWXYZ