Seirbhísí atá ar fáil
Tugann Eoraip go Díreach:
Lársheirbhís faisnéise
Tig leat glaoch orainn nó r-phost a chur chugainn in aon teanga oifigiúil AE chun iad seo a leanas a fháil:
- freagra láithreach ar cheisteanna ginearálta a bhaineann leis an AE
- treoracha chuig na foinsí is fearr eolais/comhairle agus sonraí teagmhála (ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta nó AE)
- eolas faoi chearta is do dheiseanna mar shaoránach AE is conas iad a úsáid (cead cónaithe a fháil, aitheantas do do cháilíochtaí i dtír eile san AE, conas gearán faoi tháirgí éislinneacha
- breis sainfhaisnéise (más gá)
-
foilseacháin AE ar leith a sheachadfar saor in aisce
Más dua leat nascleanúint ar shuíomh gréasáin an AE , tig le comhrá gréasáin cabhrú leat teacht ar:
-
shain-cháipéisí AE (reachtaíocht, foilseacháin, preaseisiúintí, srl.)
- leatháin fíricí, tuarascálacha, cáipéisí oibre srl. faoi shainbheartais AE .
- Eolas faoi imeascadh na hEorpa, stair, siombailí, institiúidí, srl.
Nithe nach dtig leis an Eoraip go Díreach a thabhairt
-
réiteach fadhbanna - ní thig linn gearáin a chur ar chomhad nó a chur ar aghaidh duit (cé go dtig linn a insint duit cé atá inteagmhála chuige sin)
-
trácht ar shaincheisteanna nó ar shainseasaimh de chuid an AE
-
comhairle dlí (tátal ar dhlíthe an AE)
Barr
Ionaid faisnéise áitiúla
Líonra ionad faisnéise, ionad doiciméadúcháin agus cainteoirí i ngach tír san AE.
Déan teagmháil le d'ionad faisnéise Eoraip go Díreach – in aon teanga oifigiúil AE do:
- fhreagraí ar do cheisteanna faoi do chearta AE, faoi mhaoiniú, srl.
- chuirí chuig imeachtaí faisnéisé/líonraíochta AE
- cháipéisí agus foilseacháin AE
- thagairtí d'fhoinsí faisnéise eile
- shonraí teagmhála d'eagrais bhainteacha
Cad iad na hionaid Eoraip go Díreach?
Bí i láthair ag imeachtaí faisnéise faoin AE i do thírse
Déan teagmháil leis an ionad doiciméadúcháin Eorpach is gaire duit do:
- rochtain ar fhoilseacháin is ar cháipéisí oifigiúla AE (ar líne agus i gcló)
- chabhair chun teacht ar eolas mionsonraithe faoi dhlí, imeascadh, bheartais agus institiúidí na hEorpa
- oiliúint do mhic léinn faoi thaighde is faoi aimsiú fíricí a bhaineann leis an AE
Cad iad na hionaid doiciméadúcháin Eorpacha?
Faigh cainteoir saineolaíoch AE (dlíodóirí, sainchomhairleoirí, acadúlaigh) má tá imeacht dírithe ar an AE i do limistéar-sa á bheartú agat.
Cad is cainteoirí-saineolaithe (Foireann na hEorpa) ann?
Barr