Cosán nascleanúna

Glaoigh ar Ionad Teagmhála an Eoraip go Díreach chun cabhair agus comhairle i do theanga féin a fháil
Dálach 9.00 - 18.00 ALE.
Lasmuigh de na huaireanta sin, tig leat teachtaireacht ghlór-phoist a fhágáil
Is ea – bíonn an fhaisnéis a thugtar saor in aisce, agus formhór na nglaonna (cé go bhféadfadh roinnt oibritheoirí, boscaí gutháin nó óstáin táille a ghearradh ort).
Tig – más teanga oifigiúil de chuid an AE í.
Freagrófar do ghlaoch i dteanga na tíre AE óna bhfuil tú ag glaoch. Murab í sin do theanga-sa, tig leat iarraidh go gcuirfí ar aghaidh chuig duine a bhfuil do theanga acu.
Mura mbíonn fáil ar aon oibritheoir a bhfuil do theanga acu, tig leat teanga eile a roghnú, sin nó a iarraidh go nglaofaí ar ais ort níos déanaí.
Réitítear breis is 90% na bhfiosruithe le glaoch gutháin amháin.
Bíonn ceisteanna níos casta a thógann am chun taighde, ámh. I gcásanna dá leithéid, b'fhéidir go n-iarrfaí ort d'fhiosrú a chur trí r-phost nó fanacht le glaoch ar ais uainn.
Inseofar duit cé atá ag plé le do cheist agus cé chomh luath is a gheobhaidh tú freagra.
Tá faoi Ionad Teagmhála an Eoraip go Díreach an fhaisnéis atá uait a thabhairt duit, nó tú a threorú chuig foinse chuí. Ní fhéadfaidh an fhaisnéis a thugann sé a bheith ceangailteach ó thaobh dlí, ámh.