Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ag cur fút san Aontas Eorpach

Do chearta – agus conas leas a bhaint astu

Bronntar saoránacht an Aontais go huathoibríoch ar aon duine atá ina náisiúnach de Bhallstát den Aontas. Is as an dlí náisiúnta a thagann cearta agus tairbhí áirithe agus d’fhéadfadh difríochtaí a bheith eatarthu ó Bhallstát go céile. Is as dlí an Aontais a thagann cearta eile agus dá thoradh sin is ionann iad sna Ballstáit go léir. Baineann cearta an Aontais leis an saol laethúil – ón tsiopadóireacht go dtí an tiomáint, go cúram sláinte agus saincheisteanna teaghlaigh/caidrimh.

Mar náisiúnach den Aontas, tá an ceart agat cónaí san Aontas agus aistriú laistigh de gan idirdhealú i do choinne ar bhonn do náisiúntachta. Is féidir leat freisin tairbhe a bhaint as cosaint tomhaltóra níos fearr ná mar atá i do thír dhúchais agus, fad agus go gcomhlíonann tú ceanglais ar leith, is féidir leat cúram sláinte a rochtain in áit ar bith san Aontas.

Leagtar amach go soiléir do chearta mar shaoránach den Aontas sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Airteagal 18) agus i gCairt an Aontais um Chearta Bunúsacha (Caibidil V).

Cliceáil ar na naisc thíos le haghaidh tuilleadh eolais maidir le do chearta mar náisiúnach den Aontas atá ag cur faoi san Aontas agus foghlaim cad is ceart a dhéanamh má sháraítear do chearta.

Cearta cónaithe an Aontais

Faisnéis maidir le do chearta chun cónaí i mBallstát eile, na cearta atá ag aon bhall de do theaghlach teacht chun cónaí leat, agus an páipéarachas is gá má aistríonn tú agus/nó do theaghlach go dtí Ballstát eile.

Cúram sláinte ar fud an Aontais

Faisnéis maidir le do chearta i dtaca le cóir leighis bheartaithe nó neamhbheartaithe i mBallstát eile, na doiciméid a theastóidh uait, na rialacha maidir le haisíocaíocht agus conas cógais a cheannach i mBallstát eile agus aisíocaíocht a fháil.

Cearta tomhaltóra agus aisíocaíochtaí

Faisnéis maidir le do chearta agus na rialacha a bhaineann le hearraí agus seirbhísí a cheannach san Aontas. Conas aisíocaíochtaí a éileamh agus díospóidí a réiteach.

An dlí teaghlaigh i mBallstáit eile

Faisnéis maidir le do chearta, agus rialacha agus prionsabail an Aontais i dtaca le gach gné de shaincheisteanna teaghlaigh/caidrimh. Áirítear ina measc sin uchtú agus fuadach linbh, pósadh, colscaradh, oibleagáidí cothabhála linbh, agus oidhreachtaí trasteorann a phleanáil/a bhainistiú. Tugtar comhairle ann freisin maidir le cad is gá a dhéanamh le go nglacfar le doiciméid phoiblí i mBallstát eile.

Gluaisteáin agus ceadúnais tiomána

Faisnéis maidir le do chearta agus rialacha an Aontais i dtaca le gluaisteáin – ó ghluaisteán a cheannach nó a dhíol nó ceadúnas tiomána a aistriú. Tugtar comhairle ann freisin maidir leis na doiciméid a theastaíonn agus na foirmiúlachtaí atá le leanúint chun d’fheithicil a úsáid.