Uachtarán Pharlaimint na hEorpa – Roberta Metsola
Téarma oifige: Eanáir 2022 – Meitheamh 2024
Arna thoghadh ag: Feisirí Pharlaimint na hEorpa
Ról:
- Féachaint chuige go leantar nósanna imeachta na parlaiminte go cuí
- Maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar choistí éagsúla na Parlaiminte
- Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na Parlaiminte i ngach ábhar dlíthiúil agus i gcaidrimh idirnáisiúnta
- Faomhadh deiridh a thabhairt do bhuiséad an Aontais
Uachtarán na Comhairle Eorpaí – Charles Michel
Téarma oifige: Meitheamh 2022 – Samhain 2024
Arna thoghadh ag: ceannairí náisiúnta (cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an Aontais).
Ról:
- Obair na Comhairle Eorpaí a stiúradh i dtaca le treo ginearálta agus tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a shocrú, i gcomhar leis an gCoimisiún
- Comhtháthú agus comhdhearcadh a chur chun cinn sa Chomhairle Eorpach
- Ionadaíocht idirnáisiúnta a dhéanamh don Aontas maidir le saincheisteanna eachtracha agus slándála
Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh — Ursula von der Leyen
Téarma oifige: Nollaig 2019 – Deireadh Fómhair 2024
Arna thoghadh ag: ceannairí náisiúnta (cinn stáit agus rialtais Bhallstáit an Aontais), ar fhormheas Pharlaimint na hEorpa.
Ról:
- Treoir pholaitiúil a thabhairt don Choimisiún
- Cruinnithe choláiste na gCoimisinéirí a ghairm agus cathaoirleacht a dhéanamh orthu
- Obair an Choimisiúin a stiúradh maidir le beartais an Aontais a chur chun feidhme
- Páirt a ghlacadh i gcruinnithe G7
- Páirt a ghlacadh i mórdhíospóireachtaí i bParlaimint na hEorpa agus idir rialtais an Aontais i gComhairle an Aontais Eorpaigh
Tuilleadh eolais faoi ról Uachtarán an Choimisiúin
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ní bhíonn uachtarán buan amháin ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, áit a ndéanann na hairí náisiúnta plé ar reachtaíocht an Aontais. Is í an tír a bhfuil uachtaránacht na Comhairle ina seilbh aici a stiúrann an obair sin. Bíonn sealaíocht 6 mhí ag na Ballstáit ar a chéile sa ról sin. Mar shampla, is iad ionadaithe thír na huachtaránachta a bhíonn ina gcathaoirligh ar na cruinnithe.